→
amuigh
Amuigh air (50+)
→
faitíos
Ná fág an seaicéad sin leis an tine ar fhaitíos na heirimisce. Ghabhfadh na cait sin ag macnas leis ar an bpuinnte, agus ní chomhnóidís go strachlaídís isteach i gceartlár na coigilte é. Triomóidh sé amáireach amuigh ar an tom
→
fiar
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
Bhí mise amuigh annsin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fútha agus thóig mé na céata aca leis an líon. Bhí báid eile fúm agus tarm agus gan a fhios aca a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom san mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
→
focal
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
Bhí sé cho maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslugaide annsin amuigh, ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siúáin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin annsin go raibh sé in am a bheith ag glionndáil as
Thosaigh an capall ag fuiléimneach agus ag fiodarinnce ar fud an gharraí cho luath agus a chuir mé isteach an bhearna í. Dheamhan a leithide de mhacnas! Shílfeá nach bhfaca sí an áit amuigh cheana le mí. Neart díomhaontais!
→
fágtha
Ní fhaca tú aonduine ariamh ba fágha a bhí an oíche sin ná mise. Bhí mé amuigh i lár an chriathraigh bháite, an oíche cho dubh le pic, agus mar bharr ar an dathúlacht an t-ocras ag teannadh liom. Shíl mé nach ndéanfainn eólas choíchin as.
→
fáinneog
Bhí maingíní agus bagáistí aige is chuile áit ar an gcarr, más amuigh ar an bhfáinneóig fhéin é. Tá mé ag ceapadh gur beag a d'fhága sé in a dhiaidh ag an teach chor ar bith agus an chaoi a raibh an carr foirghe.
Tá an t-asal seo amuigh ag fáinneóireacht aríst, th'éis a bhfuil de cheangal air. Droch-rath go deó air! Ní choinneóidh aon-gharraí san tír é = ag dul thart le na claidheachaí ag súil go bhfaigheadh sé deis nó bealach amach in áit eicínt.
→
fánach
Bhí cruach mhóna amuigh ar an mbóthar agam anuiridh agus d'imigh sí go fánach. Goideadh dhá chuid di orm
→
fíóg
Dhá bhfaghainn glac fhíógaí le rópaí a chur ar na cocaí féir sin amuigh! Ba cheart go mbeadh dalladh aca thuas i mbarr an bhaile agadsa
→
cadhail
Go bhféacha Dia ar aon-chréatúr atá amuigh anocht. Saothrócha siad é, a's an chaoi 'bhfuil sé a' caidhleadh sneachta.
→
caidhl
Feicfe tú an chaidhl chloch a rinne mé taobh amuigh ar a' dúrlaing, a's níl ort ach do láimh a sháthadh isteach faoi'n gclaidhe ar a' n-aghaidh, a's gheobha tú an scian annsin.
→
carcair
Dhá mbeitheá amuigh ar a' gcriathrach ar maidin, d'aithneochthá an áit a mbeadh carcair ghiumhasaighe arae ní bhíonn deoir drúchta as a cionn. Nach (h-)aisteach a' t-adhmad í! (Sin é adeirtear).
Mara bhfuil mé amuigh, tá do mharc-sa crínnte agam ar chuma ar bith. Bígí 'fáiráilte' nó sin eirigidh as a' gcloich-phuis! = mara bhfuil do mharc-sa scoithte agam, tá mé chomh fada leis ar aon-chor. Tugaigidh cothrom uaib, nó eirigidh as a' gcaitheamh ar fad.
Bhí coinicéar de chailligh mhóir as Conamara gróigthe thíos ar a' teallach ann, a's í 'cur púir thobac go dorus dúinte. Is mé a bhí in a dhiaidh uirre, arae bhí mo theanga bheag amuigh d'uireasbha gail an uair chéadna.
Deir na sean-anndúirí gurb iad an dá rud is siúráilte amuigh Comhar na gComharsan a's Cothromacan Síne na h-Uaire. Well, níl locht a' bith ar Chothromacan Síne na h-Uaire, ach 'sé mo mheas go bhfuil Comhar na gComharsan caithte in aer. D'fheicinnse le mo linn fhéin iad, a's dheamhan ceann oibre dhá mbeitheá a dhéanamh — crapadh an fhoghmhair, a' baint mhóna, ná 'bualadh coirce — nach mbeadh daoine sa mbealach ar a chéile a chongnamh dhuit. Ach dheamhan méitheal a d'fheicfeá in aon-áit anois. Caitheadh an obair sin igcártaí. 'Sé do chloch-neart é, scurach a fhaghail a leigfeadh súgán dhuit, tada leis.
Ar chuala tú faoi'n mbráthair údan ar tháinic a' codladh céadtach air, a's é ag éisteacht leis an éinín ar a' gcraoibh taobh amuigh dhá fhuinneoig?
→
cóipís
Dheamhan grásta a' bith ar fhéin ná ar a chuid cóipíse annseo. Dá bhfanadh sé amuigh le na ló, ní chuirfí aon-fhios air, ná cuid de chur.
→
baile
Dhá mbeadh sé amuigh ná imbaile, bheadh tuairisc le faghail air, in áit eicínt, ach dheamhan scéal ná scuan faoi ag aonduine.
+
→
bealach
Tá'n mhóin amuigh uileag, ar bhealach a' chairr aige.
TUILLEADH (1) ▼
'San am a raibh na rógairí reatha ann fadó, ní raibh aon-ghoir ag fear bóthair ná bealaigh bheith amuigh deireannach. Bhainfidís a mbeadh aige dhi, a's b'fhéidir tuighe srathar a bhualadh air, in aice sin.
→
bealaigh
Ba cheart go mbeidís a' síolrú anois ar a' bhfód bealtuighthe sin amuigh 'san áit a bhfuil an linn mharbh (bradáin)
→
crámhar
Tuige ar fhan tú amuigh do do chailleadh fhéin faoi'n gcramhar caca sin, a's neart breithe agad ar a' rud sin a dhéanamh lá eicínt eile.
→
críoch
'Séard a bhí le deanamh le na leithide sin, a chuirfeadh bean ó chrích a's ó rath, breith air a's bró-mhuilinn a chur faoi na mhuineál, a's é 'chaitheamh amuigh ar a' bhfeath mhóir. Bheadh sé sáthach maith aige, a's ro-mhaith — an bitheamhnach.
→
cuach
Chuach sé suas M. seo amuigh, le fuisce a's bladaireacht, a's dheamhan a chos nach ndeacha in éindigh leis. Dhá mbeadh breith ar 'aithmhéala aige, b'fhada uaidh a d'fhanfad sé, ach caithfe an dithcéille féin a bheith ann, arsa tusa.
Má thagann cuaibhtheach as calm, níl léigheamh a' bith uirre. Báthadh bád i gConamara, tá bliadhanta beaga ó shoin, a's bhí an lá ar áilleacht. Dream a bhí amuigh a' déanamh aeir, a's bhuail cuaibhtheach iad gan aireachtáil, a's d'ionntuigh sí an bád druim ar ais. Nar ba luaghaidire an trócaire ar Dhia, dheamhan ar fágadh sa gcomhaireamh ceann aca(b), ach duine.
→
cuilín
Bhfeiceann tú an áit sin amuigh a bhfuil cuilíní bána ar an bhfairrge. Carraigreachaí báidhte atá annsin.
Bhuail a' tinneas céadna ar cailleadh an chuid eile leis, an coileaichín riabhach sin amuigh, ach bhí sé sáthach cuisneach le na chuir (chur) dhó.
+
→
beo 1
Amach leis ar a' tsráid go beo droch-mhúinte, a's shílfeá gur mó an fonn a bhí air, tosuighe a' cur a chraicinn di amuigh.
TUILLEADH (2) ▼
A thighearna, nach uaigneach an áit a bhfuil sé, amuigh ar an oileán sin, a's gan críostuidhe an bhéil bheo a fheiceál ó bhliadhain go bliadhain.
'Amuigh ar shliabh uaigneach, a' buachailleacht beithidheach a bhíodh buachaill bó Shliabh Luachra. Dheamhan's móide críostuidhe an bhéil bheo a d'fheiceadh sé ó bhliadhain go bliadhain. Annsin lá amháin, chonnaic sé seala ag dul thairis … etc. ("Buachaill Bó Shliabh Luachra").
Tá'n catmara críochnuighthe ar a' sicín biorach sin. Ní túisce istigh ná amuigh í, a's bíonn sí ag uallfairt 'chuile phuinnte sa ló.
→
bolstaic
Níl gothadh 'bith againn ar a' mbollstaic chéadna. Is fada bhead sé amuigh, go gcuirfidhe fios annseo air!
+
→
bruach
Tá'n bruach thoir amuigh againn, ach tá faitchíos orm, go gcaithfe an bruach thiar fanacht ar a' bhfaraor géar. Má chaitheann sé deoir a' bith báistighe, ní bheidh an casán in araidheacht é 'shiubhal, ag a' duine fhéin, ní áirmighim ag asal.
TUILLEADH (2) ▼
Chuala mé m'athair a' rádh go raibh siad ag iascach lá annsin amuigh ar a' meath mhóir, a's go raibh colmóirí aca(b) tráthnóna bruach ar bhruach leis a' seas deire — bád iomartha bhí aca(b). Nach diabhluidhe an cúl a thug a' t-iasc do'n chaoláire ó shoin? Dheamhan a shúil — mórán leis — a gheobhfá anois ann.
Tá sé ar bhruach na h-uaighe — leath-chois leis istigh, a's leath-chois leis amuigh innte.
Nach uaibhreach a fhása(nn)s a' bréinleach fharras chuile rud eile! Níl aon-leasú amuigh inchínnte ar a' mbualtrach in a dheidh sin.
→
buail ar
Is furasta dhó cois a bhualadh ar mhuinntir na h-áite seo, mar tá airgead amuigh aige ar 'chuile gheinealach sa tír.
→
buail
Bhí sé 'chuile ordlach chomh maith dhuit urchar a chaith(eamh) ar thul(ch)án leis an áit a bhfuil tú dhá chaith(eamh). Nach bhfuil fhios ag do chroidhe istigh nach mbuailfe breac a' bith annsin thú. Tá'n iomarca tannuidheachain ann, a's é a' trághadh fós. Bheadh deis buailte eicínt ar bhreac dhá dteightheá ar na stioráin sin amuigh.
Tá'n buailteoir i bhfocal agham, a's gheall sé dhom a theacht indiu, leis na cupla stáicín sin amuigh a bhualadh dhom, ach ní móide dhó a theacht ina dheidh sin, arae tá candáil air, ar an aimsir seo.