→
ascar
Ascar na diallaide (9)
→
béalóg
Dheamhan feannc a baineadh as Pádraig a bhí ar cúlóig, ach cuireadh an té a bhí ar béalóg, glan-eascartha anuas as ascar na diallaide. Níl aon-rath in a mharcach leis.
+
→
ascar
Ba ghearr nuair a bhog a' capall amach, gur cuireadh as ascar na diallaide é = gur chaith sí é, gur tugadh talamh dhó.
TUILLEADH (7) ▼
Thug sí aon-amhóg amháin a chuir as ascar na diallaide, d'aon-iarraidh é.
Ba ghearr in ascar na diallaide é, a mhic ó, gur sínte ar a' mbóthar a bhí sé: ar ndóigh, námhaid í an cheird gan í 'fhoghluim.
Ghlac sí scéin eicínt ag droichead na gCnoc; thug sí léim leath-taoibhe gan aireachtáil, agus chuir sí 'nuas glan as ascar na diallaide mé.
Cuireadh é fhéin as ascar na diallaide, ach tháinic a' bhean óg a bhí ar cúlóig, ar a cosa ar a' talamh.
Is maith 'chuaidh sé as, nuair a cuireadh as ascar na diallaide é, nar marbhuigheadh é.
Cuireadh glan as ascar na diallaide é, agus amach ar a bhéal 's ar fhiacla faoi'n talamh
Shíl mé, dheamhan deor a bhí ann, agus a' crochadh a baineadh as anuas as ascar na diallaide