→
beo 1
Béal beo (50+)
→
comaoin
Dheamhan firnéad a' bhéil bheo istigh in do phobal nach bhfuil faoi chumaoin dó sin, ingeall ar é 'bheith 'na dhochtúr beithidheach.
+
→
beo 1
Impidhim ar a' Domhnach maran beo mé ach mí; seal fada a bheith a' gabhail leat ar thórainn Bhéal Átha an Ríogh.
TUILLEADH (47) ▼
Shílfeá le bheith 'cainnt mar sin léithe, nach leaghfadh a' t-im in a béal, ach déarfadh a' dream a bhfuil eolus aca(b) uirre, gurb í atá beo, droch-mhúinte.
Dar mo choinsias duit, is beo droch-mhúinte, adubhairt sé liom mo bhéal a dhúnadh, a's eirghe as an ngráiscínteacht!
Ní raibh geinealach an bhéil bheo ann = ní raibh duine ná deoruidhe ann; ní raibh mac na sceiche ann; ní raibh aon-duine ann. (Measaim gur "sceithche" nó "sceithighe" an leitriú ceart air seo, as nach bhfuil baint ar bith aige le "sceach". "Mac na sceithighe" = duine a sceithfeadh nó a d'innseochadh rún, nó mbeadh cainnt aige, nó é beo, le rud a innseacht. Tá sé a' luighe le réasún. Cuir i gcoimmeas é le "geinealach an bhéil bheo", "críostuidhe an bhéil bheo etc.").
Dheamhan geinealach a' bhéil bheo a bhí ann, cé's moite dhom fhéin.
Ní raibh geinealach a' bhéil bheo agam, le blas a dheanamh dhom.
Dhá mbeadh duine 'bith ann, ach dheamhan geinealach a' bhéil bheo a bhí ann, le dhul in éindigh liom.
Ná h-innis é sin anois do gheinealach a' bhéil bheo; fainic a' labhróchthá le geinealach a' bhéil bheo, ar a' méid sin.
Dheamhan geinealach a' bhéil bheo anois aige, le fad méire 'dhéanamh dhó, ach 'réir mar gheobhfas sé fear ar a lá páighe.
Ní raibh an oiread uaignis ariamh orm, arae dheamhan geinealach a' bhéil bheo a bhí ar a mbóthar, a's shílfeá nar cheart dó a bheith an-deireannach.
Dheamhan geinealach a' bhéil bheo as d. l. a bhí ann, a's b'annamh leob, nach a' seasamh ar a chéile a bheidís, in áit de'n tsórt sin.
Chaith mé seachtmhain ar a' luighe chuig ("heig" an fhuaim. chuige?) istigh 'san ospuidéal, a's dheamhan geinealach a' bhéil bheo (ó'n mbaile) a thaobhuigh mé ar a' bhfad sin. = bhí mé seachtmhain in mo luighe tinn ann, a's níor tháinic deoruidhe ó'n mbaile dom' fhéachaint an t-achar sin.
Dheamhan geinealach a' bhéil bheo istigh ar a' mbaile a bheannóchadh dó, ná a thaobhóchadh é anois. Tá 'chuile dhuine gránuighthe air anois, a's ní h-iongnadh dhóib.
Ní bhfuigheadh sé geinealach an bhéil bheo anois, le comhluadar a thabhairt dó. Tá fhios ag 'chuile dhuine cé hé fhéin.
Ar a' dá luath a's ar bhain a' bheirt amach 'un achrainn, bánuigheadh a' teach. Geinealach a' bhéil beo fhéin, níor fhan istigh, cé's moite de'n chúpla aca(b) fhéin.
Is furasta dhó sin a bheith a' cainnt, a's nach bhfuil geinealach an bhéil bheo le beathú aige, ach é fhéin.
Bhí mé in an-chaoi chríochnuighthe, a's gan geinealach an bhéil bheo, fhoisceacht fáir na freagra dhom.
Ní raibh geinealach a' bhéil beo ag a' scoil indiu, cé's moite de'n mháighistir a's de'n mháighistreás. Dheamhan a raibh sé ionrásta ag aon-ghasúr a theacht ar aon-chor, le na raibh de shneachta ann.
Ní thiocfadh críostuidhe an bhéil bheo amach anocht. Ní oidhche in eolta í.
Níor casadh críostuidhe an bhéil bheo liom i mbóthar ná imbealach, go dtáinic mé abhaile aríst.
Ní bhfuigheadh críostuidhe an bhéil bheo ina chlaonta a leithide de chleas a dhéanamh ar dhílleachta bhocht lag, ach níl scruball a' bith in a chroidhe siúd.
Ní raibh críostuidhe an bhéil bheo ar a' tórradh, ach iad fhéin fhéin.
Dheamhan críostuidhe an bhéil bheo ag dul isteach ná amach in a shiopa anois. Sin é an gléas air!
Ní bhfuair sé críostuidhe an bhéil bheo le dhul in aoinfheacht leis. B'éigean dó fhéin bóthar a bhualadh!
Dheamhan críostuidhe an bhéil bheo a bhí ar phortaigh indiu, cé's moite dhuinn fhéin le féar a bhí 'chuile dhuine indiu is cosamhail.
Ní fhágfa mé críostuidhe an bhéil bheo agaibh beo, mara n-eirighe sib as 'ur gcuid míoladóireacht.
Dheamhan críostuidhe an bhéil bheo aca(b), nar thug sé an tsráid amach dhó. Bánuigheadh a' teach d'aon-iarraidh.
Dheamhan críostuidhe an bhéil bheo a chonnaic mé le dhá lá. Bhí mé ag obair annsiúd ingan-fhios de'n tsaoghal.
A thighearna, nach uaigneach an áit a bhfuil sé, amuigh ar an oileán sin, a's gan críostuidhe an bhéil bheo a fheiceál ó bhliadhain go bliadhain.
Tá sé in a chomhnuidhe idteach maoir isteach faoi'n sliabh, a's dheamhan críostuidhe an bhéil bheo a fheicea(nn)s sé ó sheachtmhain go seachtmhain.
'Amuigh ar shliabh uaigneach, a' buachailleacht beithidheach a bhíodh buachaill bó Shliabh Luachra. Dheamhan's móide críostuidhe an bhéil bheo a d'fheiceadh sé ó bhliadhain go bliadhain. Annsin lá amháin, chonnaic sé seala ag dul thairis … etc. ("Buachaill Bó Shliabh Luachra").
Is bocht a' rud do dhuine a shaoghal a chaitheamh mar sin, a's gan críostuidhe an bhéil bheo a fheiceál, ó mhaidin go faoithin ná ó oidhche go maidin.
Ní theigheann críostuidhe an bhéil bheo amach 'sna bólaí siúd, mara dteigheadh lucht caorach go díreach, a's tá mé 'ceapadh gur annamh a theighea(nn)s siad sin fhéin, chomh domhain sin faoi shliabh.
Ní fheicfeá críostuidhe an bhéil bheo ar a' tsráid ann Dia Domhnaigh. Dheamhan corruighe amach ar bith a dhéana(nn)s siad ar a' Domhnach. Sin cuid dhá gcreidimh, chomh maith le 'chuile shórt eile.
InDomhnach bhí an áit bánuighthe romhainn. Ní raibh an oiread a's críostuidhe an bhéil bheo ann.
Ar a dhul isteach sa séipéal dhom indiu, ní raibh críostuidhe an bhéil bheo istigh romham, a's maidineachaí eile, bheadh sé lán. An droch-mhaidin a rinne é, is dóigh.
Dhá mbeadh críostuidhe an bhéil bheo fhéin ann, ach ní raibh!
Ní raibh críostuidhe an bhéil bheo aca(b), nach mara 'chéile 'bhí.
Níl firnéad a' bhéil bheo istigh romhat.
Dheamhan firnéad a' bhéil bheo ó Chois Fhairrge a chuaidh soir indiu, a's b'annamh leo(b).
Má chloisimse go dtiocfa firnéad a' bhéil bheo agaibh a (do?) chongnamh dhó, gheobha sib garbh é, feicfe sib fhéin air.
Níor fhan firnéad a' bhéil bheo aca(b) liom. B'éigean dom a theacht abhaile asam fhéin, trí mhíle bealaigh. Ach beidh a shliocht orra(b): déanfa mise an cleas céadna leo(b), uair eicínt eile.
Má fheicimse go dtaobhócha firnéad a' bhéil bheo agaibh an teach sin aríst, níl aon-ghnaithe aige a theacht abhaile. Fanadh sé ann má's breagh leis é.
Níl firnéad a' bhéil bheo agaibh, nach mara chéile atá. Dheamhan ceachtar agaibh le baint as margadh, hébrí cé leis a ndeacha sib chor a' bith.
Dheamhan firnéad an bhéil bheo aca(b) a fuair obair ar an mbóthar, a's tá beirt a's triúr as a' teach as a' mbaile seo thoir ag obair ann. Neart fabhair a mhic ó! Is maith é an fabhar!
Níl firnéad an bhéil bheo díob le baint as margadh. 'Aon-mhuinntir amháin iad muinntir Árd-Raithin' mar adeireadh P. Mh. fadó, a's é a' sciolladóireacht ar na cliamhaineachaí.
Ní raibh firnéad a' bhéil bheo acab, ó dhuine liath go leanbh, nach raibh amuigh in mo dhiaidh. Deir tú gurb ait a chruthaigh mé a's na h-aodha a thabhairt uatha(b) chor a' bith.
Dheamhan firnéad an bhéil bheo sa mbaile anois, nach bhfuil le gliomadóireacht. Is cosamhail go bhfuil iarmhuis mhóra le baint aisti, marach a' sclábhuidheacht atá léithe.