→
buille
Buille na snighe (12)
+
→
buille
Bhí buille na snighe agham péin = is agham a bhí an buille deire; thug mé talamh do mo chéile comhraic; chuir mé ó mhaith é le buille.
TUILLEADH (11) ▼
Is maith a chruthóchas tú, nó beidh buille na snighe aige siúd
Ní mian leis imtheacht gan buille na snighe a bheith aige = an focal deire de'n chainnt; an gob nó an tsáithteán deireannach a thabhairt uaidh; brabach a fhaghail ar a' gcainnt indeire na cúise.
Cinnfe air, nó beidh buille na snighe aige.
Is maith a bheidheas tú ar do mhaidí nó beidh buille na snighe aige.
Dhá mhéad brabach (cainnte) dhá bhfaighe tú air, béarfa sé buille na snighe dhuit as a dheire.
'Sé is tráthamhla (i.e. i gcainnt) dhá bhfaca mé go h-iomdha. Bíonn buille na snighe aige i gcomhnuidhe, igcomhnuidhe.
Hébrí cé'n comh-oide múinte a bhí aige, tá sé indon buille na snighe a thabhairt uaidh i gcomhnuidhe = pé'r bith cé mhúin a' deagh-chainnt nó'n nathuidheacht dó, bíonn brabach cainnte i gcomhnuidhe aige ar 'chuile dhuine eile.
Ar chuala tú chomh h-aigeanta a's a thug sé buille na snighe uaidh ar deire thiar?
Thug sé buille na snighe do'n mháighistir, dhá fheabhas de chainnteoir é. 'Sé atá deas air.
Dheamhan mórán mairge air siúd buille na snighe a thabhairt uaidh nuair a thogróchas sé é. Tá buadh cainnte aige
Thug an sagart buille na snighe do'n mhinistéara as a dheire in a dheidh sin (as scéal faoi shagart a's ministéara a bhí a' sáruigheacht nó a' cailicéaracht faoi chúrsaí creidimh. D'eirigh leis a' sagart gob maith a thabhairt do'n mhinistéara a chuir in a thost é, má's fíor do'n scéal).