Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Buille na speirthe (15)

+
buille
Chreidim gur thug sé buille na speirthe dhó, ó fhada go dtí é. Má thug fhéin, ní dheárna sé leath (d)e cheart leis. Is fada dhá thuaradh dhó fhéin é.
TUILLEADH (14) ▼
Mara bhfana sé as mo bhealach, tiubharfa mé buille na speirthe dó, luath nó mall.
Beidh sé a' siocadh liomsa, go dtuga mé buille na speirthe dhó, as taghd.
Thug an 'bacsálaidhe' eile buille na speirthe dhó, gan tríáil (ionbhadh) a' bith.
Go leige dia a shlainte do Sheán! Is fada buille na speirthe a' teastáil ó'n mbuachaill sin!
Is minic a shíl Sasana buille na speirthe a thabhairt do'n tír seo, ach tá muid beo dhá h-aindeoin in a dheidh sin, a's dhá dteagadh an díleághadh ar Shasana ambáireach, chaithfeadh muid cúis mhaith a dhéanamh dhá h-uireasbha.
'Séard a thug buille na speirthe do'n dream sin ar fad, nuair a ghealladar fhéin go maithfidís an cíos ar fad. Bhí fhios ag an saoghal nach bhféadfaidís, má ba leo(b) é 'íoc le Sasana.
Sin é a thiubhras buille na speirthe ar fad do'n duine bocht, má imthigheann a' mac anois, uaidh.
Ní bhfuair na daoine buille na speirthe críochnuighthe, gur stopadh iad gan a dhul go Meriocá.
'Sé dúnadh a's donacht Mheriocá a thug buille na speirthe, do mhuinntir na tíre seo. Tá siad gan saothrú a' bith anois.
Ní bhfuair mé buille na speirthe críochnuighthe, gur bhuail tú an t-aon-rubála orm (i gcártaí)
Gheobhfadh do chuileata buille na speirthe ó mo chíonán-sa, dhá gcastaí an bealach seo í.
Nach spleádhach uaidh, buille na speirthe a thabhairt do dhuine? = bheadh sé ag dul siar indo bhéal, a's ins an am céadna, a' déanamh an-dochar dhuit.
Dhá gcuirteá do righ isteach fúmsa, diabhal bréag, nach breagh a gheobhfad sé buille na speirthe.
Dhá mbeadh tada ar foghnamh agamsa, ní leigfinn do shean-naoi thar mo dhorus, gan buille na speirthe a thabhairt dó, ach bhí mé fuar falamh, mar is minic liom a bheith.