→
buille
Buille sa mbéim (30)
+
→
buille
Ní bhuailfe sé buille sa mbéim le na shaoghal aríst; tá sé réidh leis = ní dhéanfa sé aon-mhaith; beidh mío-shlainte ag gabhail dó an fhad's 'mhairfeas sé aríst; ní bheidh sé ar a chóir fhéin go bráth aríst; ní ólfa sé aon-deoir bhainne sláinte, go dteighe fód air.
TUILLEADH (29) ▼
Ó'n lá a bhfuair sé an buille sin, níor bhuail sé aon-bhuille sa mbéim uaidh sin amach = bhí an buille a fuair sé i gcomhnuidhe ag gabhail roimhe.
Is maith an t-ádh atá air, má bhuaileann sé aon-bhuille sa mbéim níos mó.
Ó tháinic a' méid sin donachta air, níor bhuail sé aon-bhuille sa mbéim, ná ní bhuailfe mara bhfuil ag Dia.
B'fhéidir go mbuailfeadh sé buille sa mbéim fós, chomh maith le ceachtar againn. Tá Dia láidir, a's Máthair mhaith aige.
B'fhurasta aithinte go raibh a chuid maitheasa ar iarraidh, a's nach mbuailfeadh sé aon-bhuille sa mbéim tí (ní) budh mhó.
Is beag adéarfadh chúig bhliadhna ó shoin, go mbuailfeadh sé aon-bhuille sa mbéim le na ló aríst, ach tá sé in a shean-léim anois chomh maith a's bhí sé aon-oidhche ná aon-lá ariamh.
Bhí liostachas fhada air, a's badh é comhrádh dochtúirí nach mbuailfeadh sé aon-bhuille sa mbéim go deo aríst, ach m'anam gur maith an mhaise dhó anois é, th'éis a ndeacha sé thríd.
Má tá sé buailte síos aríst, tá sé réidh le aon-bhuille sa mbéim a bhualadh, le na mharthainn.
Ní fheice tú aon-bhuille sa mbéim ionnam níos mó. Leágha na bhFíann, ní leigheasfadh mé anois.
Hébrí cé'n scannradh a cuireadh air, an oidhche sin, níor fhan aon-bhuille sa mbéim ann, ó shoin.
Níl mé chomh craithte, a's feicthear dhuitse. Tá buille sa mbéim ionnam fós, míle buidheachas le dia. Cá bhfios (d)o(n) té sin! B'fhéidir go gcuirfinn thusa fós, dhá dhonacht mé.
Níor fhága an iarraidh sin, buille sa mbéim ann beag ná mór.
Tá a bhuille sa mbéim ar iarraidh anois an duine bocht.
Ná fág a' sean-fhear as margadh ach an oiread le duine. Tá buille sa mbéim ann fós, dhá aosta dhá bhfuil sé.
D'imthigh an buille sa mbéim as uileag le goirid.
Dhá mbeadh buille sa mbéim a' bith ionnam fhéin d'ionnsóchainn é — ach níl faraor!
Ó thiocfas duine aois a' phinsean anois, is beag an buille sa mbéim a fhana(nn)s ann uaidh sin amach.
Dár príosta, tá buille sa mbéim 'san athair fós. Dheamhan 'fhios do(n) té sin! Dhá bpósadh sé fhéin aríst, nach deas a' bhail a chuirfeadh sé orra(b), a's 'chuile shúil le Dia aca(b) le na bhás, lá ar bith.
Is doiligh d'fhear a bhfuil na cheithre scóir sáruighthe aige, buille sa mbéim a bheith ann.
Céard a bhéarfadh dhó buille sa mbéim a bheith ann, a's é ins na déaga a's trí fichid.
Tá'n dream sin (i.e. dream áithrid poiliteachta a bhí igceist ag an gcainnteoir) tugtha anuas go mór le scathamh, ach tá buille sa mbéim ionnta(b) fós.
Is iomdha splíontaidheacht a thug na Goill (na Gaill) dúinn, ach d'fhan buille sa mbéim ionainn dhá mbuidheachas, a's fanfa le congnamh Dé, má chuireann muid fhéin le chéile.
Breagh nach dtiocfadh splannc fir ionnad uair eicínt, nó a' bhfuil buille sa mbéim a' bith fanta ionnad.
Badh mhór i gceist é scathamh (i.e. bó mhór poiliteachta; a mbíodh trácht air go minic i bpáipéir a's i lanndáis) ach níor chuala mé tada uaidh le goirid, nó 'bhfuil buille sa mbéim a' bith fanta anois ann?
Deirimse buille sa mbéim leat! Tá sé ar a' leabhar ag a' bhfiach dubh, tá sin.
Is do-chreidthe an scéal é, go dtiocfadh buille sa mbéim sa nGaedhilge aríst, a's chomh h-imthighthe a's tá sí ar fud na h-Éireann.
Shíl Sasana 'bliadhain a' droch-shaoghail' ('47) nach dtiocfadh aon-bhuille sa mbéim i muinntir na tíre seo, le na loiseag aríst, ach breagh go dtáinic, in a dheidh sin, a's ná raibh maith ag Sasana dhá bhárr!
Tá sé fánach ag créatúr bocht, nach bhfuil ag gabhail ar a bhéal, ó mhaidin go faoithin, ná ó Luan go Satharn, ach arán a's uisce, aon-bhuille sa mbéim a theacht ann. Ba scéal in aghaidh Nádúir é, dhá dteagadh.
Ní fhéadfadh aon-bhuille sa mbéim a theacht ann, ná ní fhéadfad sé aon-bhiseach a dheanamh, a's chomh claoidhte, tarraingthe, a's tá an duine bocht.