→
                  
                    
                      fág 
                    
                  
                
              
            Fágáil (50+)
Ag líonadh feánach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos.  "Tá 'fire' agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid móna-sa", adeir sé.  "Dheamhan fód dhá fhágáil agam.  Beidh a shliocht orra muis.  Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé".
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    fág ag 
                  
                  
                    Tá sé cho maith dhuinn é sin a fhágáil ag an deachma (fc. deachma)
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Caithfidh mé slán a fhágáil aige
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    fág ar 
                  
                  
                    Sén fear is fhearr é le áirdeall na mbeithioch a fhágáil air, má bhíonn tú fhéin i bhfad as baile
                    
                        TUILLEADH (5) ▼
                      
                    
                  
                    Rud ar bith atá ar a fhágáil sin beidh sé ar deireadh = rud ar bith a fhágtar faoi, beidh sé gan déanamh, nó déanfaidh sé siléig ann, nó ní chuirfidh sé aon-bharainn déanta air etc.
                    Más ar t'fhágáil-sa a bhéas sé, tá faitíos orm go mbeidh sé ar deireadh
                    Dúirt mé leat dhá mbeadh sé ar a fhágáil sin go mbeadh sé gan déanamh.  Agus bhí.  Ab é an ceann cipín sin ru?
                    Tá faitíos orm do na beithigh más ar a fhágáil sin a bhí siad.  Beannacht Dé dhuit!  Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, ba é an cleas céanna a dhéanfadh sé sin.  Níl aon-chomhairleachan in a chionn
                    D'fhága an misinéara i gcionn an phoitín san gcúilteach é an lá sin.  Thar éis an Aifrinn thug siad amach é, nó gur chur siad thrí lasadh é.  Ach bhí mo dhuine ar meisce lár na mháireach.  Nuair a fiafraíodh dhe cá bhfuair sé é, séard adúirt sé: "an Té a chruthaigh Neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh."  Ba shin é an fear agad le fágáil i gcionn poitín!
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    fág as 
                  
                  
                    Níor mhaith liom Seán a fhágáil as margadh = gan a chur san gcomhaireamh; gan a thabhairt i gceist
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Leis an aimsir bhriste a fhágáil as margadh uileag, diabhal mórán a shaothróchthá ann
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    fág gan 
                  
                  
                    "Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur" (sean-fhocal) = duine a níos obair dheacair nuair a d'fhéadfadh sé a dhéanamh ar éascaíocht, nó nuair ab fhusa dó rud eicínt eile a bheadh i mbéal a láimhe agus a dhéanfadh cúis cho maith céanna a dhéanamh.  (Measaim gurb é an t-údar a bhí leis go saothraíodh pailitéaraí go leór tamhnachaí agus talamh sléibhe tá céad agus céad go leith bliain ó shoin.  Thugadh na tiarnaí cead dóibh sin a dhéanamh agus ní chuiridís mórán cíosa orra idtosach.  Déantas na fírinne thugaidís ugach dóibh a dhul ag saothrú na ndiomallachaí sléibhe ar a gcuid dúicheannaí.  Tá go leór sean-tamhnachaí agus sean-talamh bán ar shléibhte fós a saothraíodh ar an gcaoi sin, cé go raibh togha na talúna ar chuideannaí eile den dúiche ag dul un báin, cheal tionóntaí, nó de bharr cíos ro-throm.  Ar an dá luath agus a mbíodh áitiú réasúnta déanta ag na pailitéaraí ar an sliabh, chuireadh na tiarnaí measadóirí amach agus d'fháisctí cíos agus airgead acraí orra.  Ba mhinic a lascfaidís leo annsin go dtí tamhnaigh eile ní b'fhuide ó láthair le éadan a chur ar an obair aríst)
                    
                        TUILLEADH (3) ▼
                      
                    
                  
                    Cén catmara atá ar an bhfear seo thíos a dhul ag cur an tabhairt sin air fhéin le leasú go barr an bhaile, suas ar sean-spíontán fliuch báite, agus neart garrantaí bán de scoth na talúna annsin siar aige.  'Ar ndó sin é: ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur
                    Shílfeá gur mór an dícéille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos annsin thíos aige ar chongar.  Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh.  Oibríodh sé leis.  Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur.  Sin é a fhearacht aige sin é
                    Más leat airgead a dhéanamh, breá nach suas ar na portaigh a theigheas tú, agus neart móna a bhaint.  Is samhaoiní dhuit í ná na faochain agus ná an carraigín sin.  Agus is lú anró í as deireadh na cúise.  Sé an chaoi a bhfuil sé agadsa: ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    fág i 
                  
                  
                    Tá sé in am agad an díomhaontas a fhágáil do dhiaidh feasta = eirí as an díomhaontas
                    
                        TUILLEADH (2) ▼
                      
                    
                  
                    Gan aon-phínn a fhágáil in a shiopa níos mó: sin é atá le déanamh
                    Sé an tinneas atá indon duine a fhágáil in ísle bhrí
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    fág 
                  
                  
                    Ní leithí bealach una coille ('na coille) ná 'un a fágáil = má bhíonn duine idteannta, tá neart bealaighe i gcomhnaí ann len a theacht as, ach an duine a bheith sách meabhrach agus sách fíriúil; má bhíonn teacht isteach mór fhéin ag duine, is furasta a chaitheamh aríst etc.
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Is ceart duine den tsórt sin a fhágáil len a anshógh fhéin, agus gan cur chuige ná uaidh
                    
                    →
                    fálach 
                  
                  
                    Chreidim gur fearr dom an citil a fhiuchadh faitíos na fálach thuas.  Thiocfadh dóibh seo a bheith isteach puinte ar bith, agus dheamhan agus móide, in a leabaidh sin, a mbeidís isteach go mbeadh an dubh ar an oíche.  Ní hionann a dhul 'na bhaile mhóir agus a fhágáil.
                    
                    →
                    féarach 
                  
                  
                    Bíonn an lá cáirde istigh lá Fheil' Mhuire na Féile Pádraig.  Má bhíonn féarach agad caithfidh tú a fhágáil an lá sin
                    
                    →
                    fíóg 
                  
                  
                    Chaithfeá na fíógaí a bhaint idtosach.  Nuair a bheitheá dhá ndlaoithiú níorbh fhuláir duit stríoc den dlaoinín a fhágáil uirre nó thuitfeadh a mbeadh istigh inte amach in a mionús.  Chrochfá suas ar stálú san simléar annsin iad, nó go mbeidís tirm.  Nuair a bheidís tirm sheasfaidís suas i lár an ruda, bheidís cho láidir sin.  Annsin bheidís faoi réir len a lasadh
                    
                    →
                    cadhail 
                  
                  
                    Shíl mé gur dhubhairt mé leat an mhóin sin a chaidhleadh suas i mullach a chéile, a's gan í a fhágáil in a ciseach mar sin!  Ach is beag a' mhaith rud a' bith a rádh leat.  Tá tú ro-neamh-áirdeamhail ar fad.
                    
                    →
                    cinnire 
                  
                  
                    Ní dhéanfa sé cúis na fataí a chur, a's iad a fhágáil annsin, a' ceapadh go bhfásfa siad uatha(b) féin.  'D'orduigh cinnire congnamh a mhic ó'. = caithfidhear freastal a dhéanamh ar na fataí th'éis a gcurtha, iad a lánú, a ghort-ghlanadh etc.
                    
                    →
                    comaoin 
                  
                  
                    Níor chumaoin dó, muinntear na h-áite seo a fhágáil 'na dhiaidh = gan cuireadh a thabhairt dóibh.
                    
                    →
                    cora 
                  
                  
                    Caitheann sib cosamar fataí amach annsin chuile lá, a's dheamhan áird agaibh air, ach é fhágáil annsin in a charra.  Gheobhtaidhe rud eicínt le caitheamh a chuir ann, marach go leigeann sib amudha é.
                    
                    →
                    cuideáin 
                  
                  
                    Beithidheach coideáin é sin, a d'imthigh as áit eicínt.  Ó thárla nach bhfuil aon-choimhightheas ag na beithidhigh leis, níor mhiste é fhágáil in a mbuil go dtagadh duine eicínt ar a thóruigheacht.
                    
                    →
                    céileog 
                  
                  
                    Dheamhan mórán tóir' a bhío(nn)s ag na ceannachthóirí ar na céileogaí sin chor a' bith.  D'fheicfeá iad dhá bhfágáil 'na ndiaidh ar aontaighe.
                    
                    →
                    cíos 
                  
                  
                    Is olc a' ceart é go mbeadh cíos a's camhlach ar bhreaclachaí, a's ar chriathraigh a shaothruigh daoine go cruadh le allus a gcnámh, a's togha na talmhana dhá fhágáil bán.  'Séard a bhí a dhéanamh an cíos a mhaith ar fad dhúinne, a's árdú dhá réir a chur ar na bitheamhnaigh a bhfuil na feilmneachaí bána sin aca(b).  Badh é an deasú orra(b) é.
                    Ní bheadh sé in' araidheacht ag bád a' bith caladh a fhágáil indiu, a's na cithréabachaí fairrge atá ann.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    baile 
                  
                  
                    'Ní h-ionann a dhul do'n bhaile mór, a's é fhágáil' (sean-fhocal) = baineann moill de dhuine dhá bhuidheachas, ar a dhul do'n bhaile mhór dhó.
                    
                        TUILLEADH (3) ▼
                      
                    
                  
                    Bail ó Dhia ort!  a bheith sa mbaile ag a' ceathair a chlog!  Ar chuala tú ariamh é: 'ní h-ionann a dhul 'na bhaile mhóir, a's é fhágáil.'
                    Shíl mé nach ndeanfainn de mhoill, ach feadh's mé an ceap a fhaghail, ach chinn orm imtheacht uaithe.  Ó deir siad 'nach h-ionann a dhul do'n bhaile mór a's é 'fhágáil.
                    Nach éasca leat a theacht abhaile!  Deirimse leat nach h-ionann a dhul 'na bhaile mhóir, a's é fhágáil.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    bannaí 1
                  
                  
                    Mise imbannaidhe gur imthigh sí léithe, gan cuid muc ná bó a réidhteach!  Nach uirre atá an bheith go gcaithfe sí greadadh léithe 'chuile Dhomhnach 'san aer, a's 'chuile shórt a fhágáil fúmsa le réidhteach!
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Ba tútach sa saoghal a' cleas a rinne sé — glanadh leis — a's an méid sin airgid 'fhágáil len íoc ag na bannuidheachaí.
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    bealach 
                  
                  
                    'Ní leithe bealach 'na coille, ná 'un a fágála (nó fágáil uaireannta) (sean-fhocal) = má bhíonn slighe ag duine, beidh deis a caithte nó dola air freisin; má bhíonn teacht isteach maith ag duine, bíonn glaodhach dhá réir air.
                    
                        TUILLEADH (4) ▼
                      
                    
                  
                    Is iomdha punt a tháinic isteach sa teach ó thús bliadhna, ach 'ní leithe bealach 'na coille ná 'un a fágála'.
                    Ní bheinnse dhá fhágáil i gcleitheamhnas aonduine, dhá mbeadh fios a' bhealaigh agham.  Ghabhfainn fhéin ann.
                    Bhí sé sa mbealach orm, a's dubhairt mé leis, go gcaithfeadh sé an bealach a fhágáil.
                    Níor mhór dhuit tuille bealaigh a fhágáil ann, má's leat áit carr a's capaill a bheith aghad ann.
                    
                    →
                    beart 
                  
                  
                    Ní bheadh beart a' bith ab fhearr d'fhear bhocht a dheanamh ar a' saoghal atá ann, ná'n talamh a fhágáil annsin i dtigh an mhíádha, a's a dhul a' saothrú, in áit a' bith a bhfaighead sé saothrú.
                    
                    →
                    cromnasc 
                  
                  
                    Tá bean agamsa, a's níor mhór dhom cromnasc a chur uirre.  Ní mór léithe a dhul a' déanamh aeir gach Domhnach sa mbliadhain, a's cúram a' tighe a fhágáil ormsa.
                    
                    →
                    crámhar 
                  
                  
                    Sé'n scéal é, níl fascadh in aon-áit ó'n gcramhar báistighe sin, mar sé'n chaoi 'bhfuil sé dhá caitheamh anuas díreach.  Is mó an bhrath atá agham leigean liom fhéin abhaile, a's an giota fataí sin a fhágáil go ndéana sé aithdeal: meastú nar mhaith an beart é?
                    
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    crúbáin 
                  
                  
                    Chaithfeá na crúbáin sin a fhágáil ann, arae tá íochtar a' chúil ro-fhliuch, a's mara bhfágtar neart bealaigh ag an uisce aníos ó chlaise an tsrotha, d'eireochadh a' fuarloch ar na h-íochtair as éadan, a's bheadh a' cur ó mhaith.
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Ní mórán le gur bhfiú do dhuine síolta a chuir (cur) amudha chor a' bith le na sean-chrúbáin bhradacha sin, marach go mbeadh leisce ort iad 'fhágáil 'do dhiaidh.
                    
                    →
                    beo 1
                  
                  
                    Bhí rún aige gan aon-iall bheo a fhágáil i Seáinín, marach an chaoi ar eirigh le M. T. G. é 'thárrtháil air.