Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Lá an Chunntais (7)

+
cuntas
Foighid ort go dtaga lá an chunntais. Feicfe tú fhéin, céard a bheidheas thíos do'n phlúr an lá sin.
TUILLEADH (6) ▼
Is maith é 'an tógáil' (earraidhthe a fhaghail ar áirleacan) go dtí lá an chunntais.
Ní h-ionann lá an chunntais a's lá na méise (cineál leath-fhocail). (Tá blas milis ar an earradh lá a h-ithte, ach blas searbh lá na díoluigheachta).
Is díoluidhe maith é 'chuile fhear go dtí lá an chunntais (nó "an lá cáirde") = geallann an té a "thóigeas" an rud go n-íoca sé é, a's go bhfuil sé in acmhuinn a íoctha, ach nuair a thagas an lá cáirde, is minic nach mbíonn.
Lá an chunntais a chuirfeas aithmhéala ar do bholg. = beidh aithmhéala ort an lá sin, gur ith tú nó gur "thóig" tú an oiread.
Dhéanfadh leithphighinn bó mhór dhíot, lá an chunntais = dhá mbeitheá leithpighinn gearr lá na díoluigheachta, ní bheadh an cunntas glanta, a's cuirfidhe amach ort nach raibh tú indon freastal do do dhlighteanais. Ar a' gcóir chéadna, níor dhóchaide ar bith é, dhá mbeitheá indon an cunntas a íoc go dtí an chianóig dheire, nó déarfaidhe go mbadh fear airgid thú.
Is ridire é 'chuile fhear go dtí lá an chunntais = bíonn sé de cháil ar chuile dhuine go mbíonn saidhbhreas aige go dtí lá na díoluigheachta.