Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

abróchadh (7)

 
dairt
Deir tú leis a chaith curraintín istigh annseo indiu. Níor tharraing sé anuas agam faoin mbealadh díreach ach bhí sé ag baint dairteachaí aige. Dhá gcloistheá an chaoi a raibh sé ag teacht timcheall ar an scéal. "Leag mé bosca bealadh a bhí le 'chur ar an gcarr indiu isteach ar chorr an drisiúir aréir. Níor fhága mé míor-meacan de'n teach gan chuartú ar maidin agus chinn orm é a fháil. Dubhairt B. nachar chorruigh sí féin é. Agus níor goideadh é mar 'sé sin an fáth ní raibh aon-duine istigh ó mhaidin ach tusa agus M. agus níor ghoid ceachtar agaibhse é." Tá aimhreas aige orainn, ach ní abróchadh sé in a dheidh sin é. Fágfaidh mé thíos anois aige é ins an oíche ambáireach. Leagfaidh mé ins an áit chéadna ar chorr an drisiúir é agus mé ag imeacht ó chuairt.
 
Déarfadh sé go maith annseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróchaidh sé in mo láthair-sa é. Ní abróchaidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtóigfinn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé cho práidhinneach as sin agus a bheadh cut as póca. Ní bheidh sé ag aon-duine eile nó is cinneamhaint air é. Sin é an fear daoitheamhail i gcomhnuí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéadna le M. Ní abróchadh sé píosa Fiannuidheachta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtóigfeadh M. é. Mheabhruigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rádh, agus sheas sé féin ins an dorus dúinte ag éisteacht. Chuaidh sé isteach de mhaol a mhainge an oíche dhár gcíonn agus dubhairt sé 'chuile mhíle focal di do L. An uair a chuala L. é, bhí sé indiaidh sásamh ar chuma eicínt. "Tá trí ceathramhnaí nar chuir mé ann" arsa seisean. "Bhí a fhios agam go raibh tú ins an dorus iadhta." Bhrath sé é … Dheamhan ceathramha ná cuid de cheathramha a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
 
Diabhal fear beo a d'fheicfeadh é nach n-abróchadh gur tincéara déanta é. Tá an ghruaig agus an ceann aghaidh céadna air agus atá ar na M.s a d'fheicfeá ag dul thart annsin
+
dóigh 1
"Boss" réidh go leor é. Mara bhfeiceadh sé thú ag déanamh dógha de'n scéal ar fad ní abróchadh sé tada. Bhí mé féin agus M. Bh. annsin thiar anuiridh ag baint chlocha reatha ingarrdha D. Shuidh muid síos agus na piocóideachaí caithte uainn againn. Diabhal easna dhó nachar théaltuigh aniar, agus ní fhaca muid ariamh ariamh é, gur rug sé ceart críochnuighthe orainn. Meastú céard a rinne sé: a dhruim a thabhairt duinn ar an toirt … Chaithfeadh sé T. Mh. a bhriseadh. Rinne sé sin dóigh dhó (dhe) amach is amach. Fear ar bith a leagadh an barra uaidh os a choinne agus a chuireadh péire uileannachaí air fhéin ag dradaireacht le 'chuile bhean a theigheadh thart an bóthar
TUILLEADH (1) ▼
Ní abróchadh sé féin tada mar dhóigh dhe. Ise a bhí dhá rádh uiliog, má b'fhíor dósan. Ach dheamhan cailleadh a bhí ar a theangaidh féin — ná cailleadh ar bith
 
Dheamhan sagart is réadhcha (réidhche) a chonnaic tú ariamh ná é, le dualgas a thabhairt dó. Mura dtugthá dhó ach scilling, ní abróchadh sé drúcht ná báisteach, ach buidheachas a ghabhail leat. Dar príostaí muis níl sé cho furasta sin a gcuid a thabhairt do thuilleadh aca. An phuic mhór seo thíos ugainn féin …
 
Ní caomhamhaint ar bith atá innte sin ach gur sháruigh sí an saoghal tá sí cho dúnárusach sin. Bhí mé soir annseo chuig an D. in éindigh léithe trí lá i mbéal a chéile an t-am a raibh an bhruitíneach agus an leicneach ar an gcuid se'aghainn féin. Dubhairt mé léithe é. Níor dhubhairt sí a dhath faoi na gasúir se'aice féin. Ba bheag an luadh a bhí aice a rádh go raibh siad orra. Ní abróchadh ná dá mbeidís ag saothrú báis, i bhfad uainn an anachain. Súmaireacht de'n tsórt sin a bhí ag rith len a dream ariamh. Púcaí bradacha! Bheadh sé cho maith dhuit a bheith ag caint le asail leo. Is beag is ionann é. Is mó a bheadh de bharr na n-asail ag duine