Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ainm

ainmneachaí (12)

+
ainm
Tá a gcaoi fhéin acab ar na h-ainmneachaí agus go deimhin ní deas iad (daoine adéarfadh Ted in áit Tadhg. Eily in áit Eibhlín, Delia in áit Brighid etc)
TUILLEADH (3) ▼
Tá na h-ainmneachaí tíreamhla dhá leigean i léig ('un siléige, i bhfaillighe, dhá gcaitheamh igcártaí, dhá gcaitheamh idtraipísí, dhá gcaitheamh i leathtaobh i leithrigh etc) ar a' saoghal seo.
Bhí sé tabhairt (blaodhach) ainmneachaí orm = do mo mhaslú; do mo dhíbliú
Ná tabhair ainmneachaí níos mó air, ar mhaith leat fhéin.
 
Ní féidir aon-áit a dhéanamh amach ann, mar níl aon-ainmneachaí ar na sráideanna.
+
Má thugann tú áird ar leas-ainmneachaí, ní bheidh a dhath suímnis agad aon lá sa mbliadhain (suímnis = suaimhnis) = má ghlacann tú in olc é, leas-ainm a thabhairt ort, beidh síor-olc ort.
TUILLEADH (6) ▼
Ná tabhair aird' a' bith ar a gcuid leas-ainmneachaí — ná leig ort féin go gcloiseann tú chor a' bith iad.
Tabhair a' chluais bhodhar dhá gcuid leas-ainmneachaí = ná tabhair áirde 'bith air, pé'r bith cé'n leas-ainm a thiubhras sé ort.
Má chloisimse go dtiubhra tú leas-ainmneachaí gránda ar aon-ghasúr feasta, roinnfe mé an tslat leat (tiubhra mé Túirne Mháire dhuit, liúradh etc.).
Bhíodar a' glaodhach leas-ainmneachaí orm (is minic adéarfadh páiste é, agus é ag iarraidh sásaimh a fhaghail ó na mháthair, nó ó dhuine eicínt eile)
Ní ceart do dhaoine a bheith a' glaodhach leas-ainmneachaí ar a chéile mar sin, mar is fánach a' chaoi a ngreamóchaidís dób (dóibh)
Níl cinneamhaint a' bith leis a' baisteadh leas-ainmneachaí ar dhaoine = is maith uaidh leas-ainmneacha a thabhairt ar dhaoine.