Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

airíonn sé (7)

 
Airíonn an girria sin nach bhfuil aon-chú agamsa. Deirimse leat dhá mbeadh go mbeadh sé faiteach thairis sin. Agus deir tú liom go raibh sé amuigh i nGarraí na h-Iothlann. Sách gar do na tithe a mhaisce. Gabhfaidh scaol annsin gan mórán achair muis má mhairimse.
 
Airíonn sé freagairt eicínt san bpoll siúd thoir agus cho taithithe agus atá sé ann le mí = fear ag suirí le cailín ag áit áirid
 
Feicim an-mháinneáil ag an gcut sin soir ag an gcró. Diabhal easna dhó, nó airíonn sé luch ann
 
Nuair a cuireadh isteach san bpríosún é an uair sin faoi dhíol an phlúir, baineadh an pinsean dó. Ba chuma dhó aige ná uaidh é scáth chúig phunt san mbliain, agus in a dheidh sin féin dhá bhfágadh duine bliain gan tarraint é, thiocfadh sé 'un suime. Ní airíonn duine fascadh na tuime nó go mbaintear í
 
furú
Chuaigh sé soir agus forú faoi. M'anam muise go n-airíonn sé síol nua eicínt thoir agus an oiread sin forú a bheith air. Is beag an forú a bheadh air, mo léan, ag dul amach ag án a gharraí
 
fiata
D'eirigh mé leis an lá maidin an lá cheana, agus chuaigh mé suas inGarraí Th. Bhí sé breacha le coiníní ag ithe geamhair. Airíonn siad an geamhar óg siúd fiata = séimh, gan a bheith bríomhar
 
Tá an madadh ag cur fuar-chruit air fhéin le sámhas. Airíonn sé go bhfuil a dhóthain ite aige anois