béal (50+)
→
faitíos
Le neart an fhaitiais a bhí air, níor bhain sé cois de rith nó go ndeachaidh sé isteach béal an dorais
→
feadhain
Níl aon-fhear ar an bhfeáin aca is droch-mhúinte ná Pádraig dhá dteighthí san gceann sin leis. Tá nimh craite air sin. Níor mhaith dhuit ruibh oilc a fheiceál air. Teagann cúr len a bhéal
Ag líonadh feánach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. "Tá 'fire' agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid móna-sa", adeir sé. "Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orra muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé".
+
→
fearacht
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó leigfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maoidheachtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl in a dheidh sin
TUILLEADH (1) ▼
D'imigh sé fearacht duine a bhuailfí treasna an bhéil = dalta
→
fios
Níl duine ar bith is fhearr fios "lorries" ná M. Sh. G. Tá sé ar bhéal an bhóthair = lorries a bheadh ag iarraidh móna le ceannacht
+
→
fliuch 1
Ní fhliuchfadh sé do bhéal ar chuir sí san ngloine
TUILLEADH (4) ▼
Ní bhfuair mé fliuchadh mo bhéil ann = deóir ar bith óil
Níl fliuchadh do bhéil de phoitín ar thamhnachaí anois
Ní raibh fliuchadh do bhéil de chineál ar bith óil annseo faoi Nollaig. B'annamh leis nach go barrbachall a bheadh sé
Níor chaith sé fliuchadh do bhéil d'uisce le leathráithe. Tá chuile shórt spalpha
+
→
focal
Go díreach glan! Bhain tú an focal as mo bhéal! = A. ag caint le B. Chuirfeadh B. isteach air agus déarfadh sé an rud a bhí A. le rádh. Chuimhneódh sé gurb shin é an focal a bheadh sé ag dul a rádh agus déarfadh sé fhéin é
TUILLEADH (4) ▼
Sin í an fhírinne ghlan adeir tú. Faoin smaois a bhí é a bhualadh. Bhain tú an focal as mo bhéal.
Ní hé an deagh-fhocal a chloisfeas tú as a bhéal
Tá ag chuile dhuine a laghad agus a fhéadfas sé de phlé a bheith aige le cúirteanna. Béarfar ar fhocal ort ann nó's maith a chruthós tú. Tá dlíodóirí annsiúd agus faobhar orra ag faire ar chuile fhocal a thiocfas as do bhéal nó go n-aimsighe siad é. Nach bhfuil a fhios agam é
Níl gnatha tada a innseacht dhi sin, mar cuirfidh sí ionntú an fhocail air. Ní theagann iadhadh ar a béal ó mhaidin go faoithin. An muileann a bhíos ag síor-mheilt 'ar ndú', meileann sé mín agus garbh
→
foirgthe
Chonnaic mé sean-fhear ann, a bhí foirghe leis an aois, agus má bhí fhéin, ba é a bhí coilgneach. Dheamhan mórán araoid ar bith a chuaigh air, nuair ba mhian leis maide a chur in u (ar) mbéal
Tá teach follasach aige. Teach ceann slinne, agus é ar an árd ag béal an bhóithrín. Ní fhéadfá a dhul amú air
Rinneadh flaisc agus fraiseach annseo thíos aréir. Níor sheas cheithre galúin fuisce achar ar bith. Bhí a shliocht orra: ní raibh geinealach an bhéil bheó ann nach raibh dallta ar meisce
Tá gasúir an tí seo imithe ag fuiléimneach agus ag fiodarinnce thíos i mbéal an bhóithrín. Ba cheart a mbacadh. Áit chontúirteach é sin i bhfad uainn an anachain! = cuirtear "fuiléimneach" agus "fiodarinnce" le chéile
→
fánach
Níl focal dá fhánaí dhá n-abróchthá as do bhéal nach gcaithfeadh sé 'chuile údar a fháil faoi
+
→
féar
Is beag fear a shiúil féar ba deaghchaintí ná a athair sin. Chaithfeadh sé laetheantaí fada na Féile San Seáin ag nathaíocht agus gan iadhadh a theacht ar a bhéal
TUILLEADH (1) ▼
Dar fia ná tabhair an píopa sin uait. Is féar tirm duit fhéin i gcomhnaí é. Má chailleann tú, nó má bhriseann tú an píopa eile sin, cén bhail a bhéas ort? Beidh: do mhéir a bheith in do bhéal agad. Tá píopaí in a n-ór anois
→
cabach
Ná bíodh tusa in do thús cainnte leis a' méid sin. Seachain a' mbeitheá chomh cabach a's go gcainnteochthá amach as do bhéal le seo thíos air.
+
→
cab
Ná líon níos mó é nó cuirfe tú thar maoil é. Nach bhfeiceann tú go bhfuil sé cab ar chab le béal a' tubáin
TUILLEADH (1) ▼
Mara dteighe [tú] dhó go deas anois, dóirtfe tú cuid dhe, arae tá sé cab ar chab le béal a' tsoithigh.
+
A bhéal gan chaomhamhaint! = a bhéal gan fascadh!; a dhuine nach bhfuil indon rún a choinneál!
TUILLEADH (1) ▼
Droch-rath ort a bhéal gan chaomhamhaint, maran tú a bhí conórach a dhul dhá innseacht sin di.
+
→
ceal 1
Caithfe tú déanamh scathamh eile, muis, cheal éadaigh, arae níl an oiread slighe aghainne a's a choinneochadh greim in ar mbéal, ní áirmhighim a dhul a' ceannacht fuireann nuadh dhuitse aríst ar a' toirt.
TUILLEADH (2) ▼
Mara bhféada sé achrann a tharraingt, ní cheal a shaothruighthe é. Dheamhan iabh a tháinic ar a bhéal i gcaitheamh na h-oidhche, ach ag iarraidh an cúpla seo thíos, a shaghdadh. Ach 'níor eirigh an t-ól i stuaic na mbacach' fós.
Má tá indán's go gcoinneochthar an scéal seaduighthe i bhfad eile, tiocfa mise siar de mo shiubhal ionnsuighe, a's innseocha mé suas dhá béal gurab é a mac fhéin a thárluigh leis na fataí, le airgead 'fags' a fhaghail. Déanadh sí a rogha ceal di sin má thogruigheann sí.
Dhiombalóchadh sé sin ráithe an tsamhraidh ar a' gcipiléaracht sin, a's sháróchad sé siar in do bhéal 'na dheidh sin, nach bhfuil aon-oibridhe ar a' mbaile is fhearr ná é.
'Sé M. tír na gciseadóirí a's na gcaoladóirí. Nach as a thaga(nn)s cléibh, ciseáin, a's cléibhíní ime na tíre. Ach is dhóibh is fusa: nach bhfuil sail ag dul siar in a mbéal ann!
Chaith sé an oidhche a' cainnt 's a' clabaireacht, a's gan goir ag aon-duine eile a bhéal a oscal aige.
+
→
claibín
Ní fhaca me aon-chlaibín muilinn ariamh go dtí é. Dheamhan iabh a' bith a dhéana(nn)s a bhéal ach a' meilt.
TUILLEADH (1) ▼
Éist do bhéal, a's ná bí in do chlaibín muilinn i gcomhnuidhe. Shílfeá nar gheall Dia teanga d'aon-duine ach dhuitse, a shacáin!
+
→
cleite
Béarfa mé idir chorp, chleite agus sciathán ort, mara ndúine tú do bhéal, a's caithfe mé amach sa bhfairrge thú.
TUILLEADH (1) ▼
Ó chuaidh tú 'cur do chleite chor ar bith sa gcomhrádh, go deimhin ní slachtmhar a' cleite a chuir tú ann. Ní minic le tada ach leis a' tútaighil a theacht as do bhéal.
+
→
cliar
Airighim mar bheadh ualach i mbéal mo chléibh i gcomhnuidhe, a's dheamhan a' bhfuil a' chliar a' scaradh liom chor a' bith.
TUILLEADH (1) ▼
Tá'n 'fliú' sin in a lionnán (leannán) agam ar fad, le goirid. Dheamhan a leithide de chasacht a's de chliar a's tá orm! Ach grásta Dé, ní chuirfe mé as mo chrioslaigh chor a' bith é. Tá sé do mo chothú, as béal a chéile le dhá mhí.
Tá sé 'na dhris choilgneach chasáin romham is chuile áit dá dtugaim m'aghaidh, a's gan goir agam, mo bhéal fhoscailt, nach bhfuil sé in m'éadan. = tá sé mar threampán orm, nó bíonn sé in mo bhealach nó romham is 'chuile áit, a's bíonn a dhealg sáithte aige ionnam.
+
Chuaidh sé 'fhoisceacht mbeannuighe Dia, dhá bheith aimsighthe ag a' madadh ruadh, a's é a' dhul isteach béal a' choinicéir. Bhain sé fionnach as, ach mar sin fhéin, thug sé a bheanna leis.
TUILLEADH (1) ▼
Is beag duine a bhfuil aon-ghnaoi aige, ar a' gcoinicéar sin, a's (d)ar ndóigh ní h-iongnadh é. Cé a chuala an deagh-fhocal as a béal ariamh?
+
→
coirigh
Coireocha sé go maith ar T. Mh. le 'chuile dhuine eile, ach is beag a' luath aige aon-cheo a rádh suas le na bhéal. In a leaba sin, a' brughadh air a bhío(nn)s sé.
TUILLEADH (2) ▼
Níor tháinic iabh ar a bhéal, ach a' coireamhaint a's a' tromachan i gcaitheamh na h-oidhche. Dheamhan duine a d'fhága sé sa tír, nar tharraing sé thrídh n'fhiacla.
Má tá indán's go dtosócha sé a' coireamhaint orra(b), coinnigh thusa do bhéal ar a chéile, arae má abruigheann tú tada, is gearr ar sin an scéal a thabhairt ar ais chuca(b).
→
comaoin
'Bhfuil fhios aghad céard í a chumaoin sin? 'Cuireadh 'chuile dhuine blas a phighne fhéin ar a bhéal'. = ní thiubhradh sé dubh na frighde in aisce uaidh.