Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

brádán (11)

 
Ní raibh sé in a bhrádán amach a's amach ach go raibh sé a' biadhú báistighe.
+
brád
Brádán fliuch go leor é.
TUILLEADH (7) ▼
Shíl mé nuair a chonnaic má an brádán go ndéanfadh sé lá sa gclaidhe (féach "claidhe").
Bainfe sé an lá amach leis a' mbrádán seo anois.
Ní fhéadfá a dhul amach ar a' mbrádán seo, mara ndéana sé aith-deala
Ná teirigh amach faoi'n mbrádán sin, nó beidh tú fliuch báidhte gan mórán achair
Tá mion-bhrádán ann, ach níl sé an-trom.
Cá mbeitheá a' tabhairt t'aghaidh a's an brádán báistighe atá sé 'chaith(eamh).
Is dona na gnaithí 'bheadh ort, a dhul 'na phorta(igh) a's an brádán báistighe atá ann.
 
Ba bheag an brádáinín a bhí ann agus dar fia bhí friaghfhliuchas in mo chuid éadaigh in a dheidh sin. B'éigin dom a mbaint dhíom. 'Ar ndú' ní shraimleódh rud ar bith thú cho mór le brádán
 
fuil 1
Chuir sé brádán fola amach = urlacan a theacht air; fuil a chur amach (i scéalta go háirid)