→
                  
                    
                      breá 
                    
                  
                
              
            breácha (6)
                    →
                    fás 1
                  
                  
                    Ní fhaca tú aon-fhás cnádáin ariamh is breácha ná atá aige annseo thuas! = níl aon-mhaith ionta
                    
                    →
                    fuaid 
                  
                  
                    Is iomdha portach ar an T. Bh. ach dheamhan thiomanta portach ar a bhfuaid is breácha ná an portach se'aghainne
                    An bhfuil guróir ar bith is mó ná í.  An lá is breácha san mbliain, istigh ar an teallach a gheobhfá í scarha ar an tine, agus fuar-chruit uirri.  Mo choinsias sea.  Is deacair a bheith ag iarraidh maitheasa uirri sin
                    Ara éist!  Dheamhan an breácha í ná an bhean atá annsin thiar ag M. M. agus bíonn sí ag scaradh móna 'chuile lá
                    Caithfidh sí an lá aríst ag diúrnáil an chóitín sin le ríméad.  Shílfeá uirre gurb é an ball is breácha a cheannuigh bean ariamh é!  Mo chreach mhaidne í!
                    
                    →
                    téigh do 
                  
                  
                    Bean nach mbíonn mórán ainnise innte, is mór is fiú dhi a cuid éadaigh a dhul go deas di.  Is leath slaicht ar bhean a cuid éadaigh bíodh a fhios agad.  Tá sí annsin thoir ag M. Mh. Ú.  Feic Dé Domhnaigh í agus 'sí an bhean is breácha ar an bpobal í nuair atá sí gabhtha gléasta.  Ach feic lá de'n tseachtain í ins na ciomachaí, agus dheamhan ceannuidhe an mhála, ní hé amháin a mhalrait a dhéanfadh roghain uirre.