Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

buailte ar (50+)

 
Sé an meaisín buailte a d'fhága ar leath-láimh é
 
féar
Sin é an fear nach leigfidh don fhéar fás faoin a chosa ag dul in a ghnatha dhó. Mo léan géar! Ní bleid a bhéas buailte aige ar chuile fhear ar an mbóthar
 
cora
Tá sí sin bladarach, spleádhach, a's carra chainnte buailte aice ar chuile dhuine.
 
Is mór a' cóimhneas iad na meaisíní buailte seo (treshing machines), seachas an sean-acra a's an capall. Nach h-iomdha cor a chuir a' saoghal de, ó nuair a bhíodh muid dhá bhualadh le súiste. Chreidim dheamhan súiste sa tír anois. Ar chlocha a's ar chléibh a buailtear tae(bh) siar de Ghaillimh fós é.
 
Ar a' gcóipís sin anois a chaith sé an oidhche aréir. Is mór dhá fhonn a bhí orm, scriostaí buailte a thabhairt dó as a dheire.
+
Ní fheicfeá ar bóthar ná ar bealach anois é, maran buailte suas atá sé.
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhágann sé béal a' bhealaigh chor a' bith, a's tá bleid buailte aige, ar a' bhfear siar, a's ar a' bhfear aniar.
 
biorach 1
Is beag a' dochar do ghasúir, speireachaí a's bonn-bhualadh fhéin a bheith orra(b), a's a bhfuil de chlocha bioracha ar na bóithrí. Tá cladach aca(b) annsin thíos, a's dheamhan duine dhá dteang(mh)ócha ceann aca(b) le na chosa, nach mbeidh buailte suas aríst ar feadh na bliadhna.
 
Sin í a cheird 'chuile lá sa mbliadhain — ag imtheacht in a bhoideoide ar bhóithrí, a's bleid buailte aige ar a' bhfear soir, a's ar a' bhfear siar.
+
aer
Tá a cheann buailte ar an aer aige; tá a cheann a' bualadh an aeir; a' scríobadh leis an aer; ag dul thríd an aer.
TUILLEADH (2) ▼
Is cumasach an stuithneachán fir é: tá a chloigeann buailte ar an aer.
Chonnaic sé an sonnda a' dul thairis; idir a' t-aer 'sa' talamh — a cheann ionann's buailte ar an aer aige, agus a cosa indáil le scríobadh na talmhana.
 
aibí
Níor thúisce corra chainnte buailte agam air, ná bhí sé abaidh (ch)ugam = ní baileach a bhí bleid buailte agam air, ná chuir sé stiúir chainnte ar fhéin agus a bhíodhg sé chugam.}}
 
Tá'n putach sin thíos ag L. Mh. buailte suas as na cosa ar fad. Feicim é ag imtheacht, a's buadán ar leath-chois aige, a's an ceann eile craptha.
+
Tá do dhíol buailte air (do sháith etc).
TUILLEADH (27) ▼
Ba mheasa na gíománaigh a's an chois mhuinntir a bhí ag na tighearnaí móra sin, ná iad fhéin. Bhí cois buailte acab ar a' tunónta uair a' bith a d'fhéad siad é.
Tá cois buailte ag a' sagart céadna ar 'chuile dhuine, a chuirfeas tada in 'aghaidh, agus is mór a' t-ár é le aghaidh a bhéil a tharraingt ort.
Tá cois buailte aige ar a' bhfuil sa teach, a's muid reicthe sceannta aige 'chuile ré soluis.
Tá soitheach mór buailte ar Charraig a' Mhatail, de bharr gála na h-oidhche aréir.
Bhíomuid a' seoladh le cloich, a's é 'cínnt orainn í a thabhairt 'un fairrge, a's dheamhan a' rabh fhios, cé'n puinnte a mbeadh muid buailte.
Bhí dhá chóta mór buailte thuas air, le faitchíos nach mbeadh a dhíol i gceann.
Ní raibh an oiread gearraidheachaí buailte ar a' tír ariamh cheana ó bhí cíos teinteáin a's deachmhaidh ann, a's tá ann anois.
Ní túisce a bhí mé istigh sa teach ná bhí carra chainnte buailte aige orm.
Bhí sé buailte orm = bhí sé an-ghar dom, nó lem' ais.
Tá sé in a chomhnuidhe buailte orm. Is comharsanaí béal-doruis muid.
Nach bhfuil teach a' phobail buailte air annsiúd?
Aindeoin go bhfuil a' portach buailte ar a' teach aige, ba gann gortach í a theine.
Bhéarfainn lom-lán a' leabhair gurb é a bhí ann, arae, bhí mé buailte air. Chaithfeadh sé gur bhain mearbhall eicínt dom mar sin fhéin.
Tá'n teach ósta buailte air anois: coiscfe sin aistear dhó 'chuile thrathnóna!
Bean a bhí buailte air fhéin annsiúd, a phós sé.
Tá sé buailte ar a' mbaile mór.
Tá'n dá theach buailte ar a chéile, a's tá siad in árrachaí 'chéile 'na dheidh sin.
Bhí mé ionann's buailte air, a's dheamhan a bhfaca sé mé in a dhiaidh sin.
Ní thaithneochadh liom a bheith buailte ar a' mbaile mór mar sin. B'fhearr liom i bhfad amach faoi'n tuaith.
Deir tú léithe a bhí buailte orm sa gcruinniú, ach dheamhan a cos a d'aithin dhíom, th'éise sin. Is deacair a rádh nach bhfuil sí sin caoch.
Tá a theach buailte ar a' gcladach. Is beag nach bhféadfadh sé an bád a fheistiú ar a' teallach.
Ní fhaca tú aon-teach ariamh, atá chomh buailte ar a' mbóthar leis. Tá'n bhínn ó dheas amach ar a' mbóthar ar fad. Shílfeá go mbadh deacair dhóib aon-néal a chodladh ag fothramán 'san oidhche.
Níor mhór dhom a bheith buailte ort anois, le thú a chloisteáil, tá mé chomh bodhar sin, le scath(amh).
Tá a chloigeann buailte ar a' mbóthar, tá sé chomh cromta sin anois.
Tá a cheann buailte ar a' talamh, tá sé chomh sníomhtha sin ag obair.
Tá a cheann buailte ar a chosa le obair.
Dhá n-eirigheadh Dia liom, an slaimín féir sin a bheith buailte, ar a chéile agam, roimh an mbáisteach, bheadh liom.
+
Bhí sé buailte faoi aige, a's glúin ar a bholg.
TUILLEADH (1) ▼
Má eirigheann leis breith isteach chor a' bith ort, tá tú buailte faoi aige, ar ionntú an tsuip.
+
Tá sé buailte suas ar fad, ó 'bhí an ruaig thinnis sin air, go deireannach.
TUILLEADH (5) ▼
Feiceann muide, aos óg buailte suas, ar a' saoghal seo, ní áirmhighim sean-daoine.
Níl neart aige múr báistighe a fhaghail, nach mbíonn sé buailte suas ar fad, ar feadh míosa 'na dhiaidh. Tá sé an-ghoilleamhnach a' duine bocht.
Ní bhíodh sí buailte suas mar sin, go dtí goirid ó shoin. Deir sí fhéin, gur fuigheall bruithtínighe é. Ní raibh an bhruithtíneach uirre go dtí anuraidh, a's is olc í, le theacht ar shean-duine mar sin.
Tá mé buailte suas, as na cosa ar fad le seal, ach dheamhan pian ná tinneas orm thairis sin = níl siubhal an bhealaigh ionnam ag mo chosa, ach dheamhan mairg orm thairis sin.
Thóig na bróga nuadha léasrachaí ar mo shála, a's tá mé buailte suas sa siubhal ar fad le seachtmhain = níor fhan aon-tsiubhal agam le seachtmhain.