Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cithréabachaí (14)

 
Ní fhaca mise, le mo chuimhne fhéin, ar chuma 'r bith uair chomh coimhightheach seo ann faoi Bhealtaine. Nach sílfeá gurb é dubhluachair na bliadhna é, le farradh a's fearthainn. Tá'n aimsear in a cithréabachaí ar fad, ní ceasacht ar Dhia é.
 
Maran treáll a' bith atá a' bualadh na h-aimsire, dheamhan cothromacan síne a tháinic imbliadhna, ná cuid dhá theacht. Nach in a cithréabachaí atá an aimsir ar fad ó thús na bliadhna.
+
Níl fhios agham, cé'n smál atá chor a' bith ort, go ndéanann tú cithréabachaí de chuile shnáth dhá mbíonn ort.
TUILLEADH (10) ▼
Má dhéanann tú cithréabachaí de na briocáin sin anois, beidh moill ort aríst, shul ó gheobhfas tú fuireann nuadh. Mar sin tabhair aire dóib.
Is beag a' dóchar dhuit náire a bheith ort, do léine uileag a bheith in a cithréabachaí agad, a's a dhaoireacht a's tá léinteachaí le na gceannacht.
Dhéanfadh an ceann céadna cithréabachaí dhá bhfaca tú ariamh, hébrí (pé'r bith) cé uaidh a dtug sé an strácghail chor a' bith. Níl an chulaith sin tada le ráithe aige fós, a's is gearr nach mbeidh tuinnte di le chéile aige.
A dhiabhail áluinn, má bhíonn tú i bhfad ar a' sníomh sin leis a' gcathaoir, is gearr gur in a cithréabachaí a bheidheas sí aghad. Ach dheamhan a' miste leat. Ní chuirfe sé a dhath mairge ort.
Ní chomhnócha tú le do chuid deasúcháin, go ndéana tú cithréabachaí de'n 'bhicycle'.
Rug sé ar liagán cloiche, a's rinne sé cithréabachaí de'n chliabhán éanachaí léithe. M'anam nach hé an cliabhán éanachaí a gheobhfadh í, ach mise, dhá mbeadh aon-fháill aige orm.
Níor bheo é sin, mara mbeadh sé a' deanamh cithréabachaí de rud eicínt. Níl billeog fágtha in a leabhar aige, nach bhfuil stróicthe, stiallta. Is deas a' chaoi é sin, a's a ghoirdeacht a's ó cheannuigh sé an leabhar sin.
Breagh nach ngearrann tú an cáca as a éadan, a's gan a bheith a' déanamh cithréabachaí mar sin di? Cé íosfas an mionudhach sin do dhiaidh?
Ní bheadh sé in' araidheacht ag bád a' bith caladh a fhágáil indiu, a's na cithréabachaí fairrge atá ann.
Is mór a' lá é. Feacha an fhairrge in a cithréabachaí fré chéile. B'olc an áit a bheith ar meath indiu, b'olc sin.
 
Is beag a' bhuaineadas a' t-éadach sin. Bliadhain go h-am seo, fuair mé an chulaith sin, a's tá sí in a cithréabachaí cheana.