→
isteach
clár (50+)
Thug sé feánach dom agus taoscán fuisce ann. Sin í clár na fírinne dhuit! "Ara céard tá annseo", adeirimse. "Níl aon-ghloine agam", adeir sé. "Ól foracún agus nuair a bhéas do sháith agad sín agamsa é"
→
feáin
Beidh sé isteach agad anois gan mórán achair idir chlár agus chuinneóg. Tá sin cho siúráilte agus atá an feáin ar an móin. Níor fhága sé an baile seo ariamh gan a theacht ar cuairt annseo
→
fios
B'fhuide dhuit ná fios do shaoil an oíche siúd. Ghabhfadh an sioc a bhí ann thrí chlár daraí. Sháruigh muid í in a dheidh sin, buíochas le Dia
+
→
foirm
Níl an scéal sin i gclár ná i bhfoirm = níl ann ach bunscéal; níl a leithide de scéal ann chor ar bith; níl an scéal sin amhlaidh chor ar bith; is breágh é; is scéal é agus a thóin leis; is scéal contráilte nó scéal seafóideach é; nó scéal nach bhfuil ciall ná réasún leis
TUILLEADH (6) ▼
Dúirt sé é sin! Dúirt sé go bhféadfadh ceachtar againn atá fúithe an fheamainn pháirteach a bhaint agus nach mbeadh aon-mhaith aon-tréas a chur air, nach gcaithfí é san dlí. Thug sé a éitheach! Cén chiall nach gcaithfí? Déanadh sé mar sin é feiceamuist! Sin caint anois nach bhfuil i gclár ná i bhfoirm
Tá fólaim ortsa, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, ach má sin í do chuid cainte anois go raibh dhá Naomh Pádraig ann, ná bactar leat! Nach deas uait a dhul ag cumadóireacht … Eiriceach a bhí san té adúirt é sin. Níl an rud sin i gclár ná i bhfoirm, agus ná géill thusa do'n fhear sin. Nachar chuala muid ariamh nach raibh ann ach aon-Naomh Pádraig amháin, moladh go deó leis
Go bhfuil siad indon an cloigeann a bhaint de dhuine agus cloigeann eile a chur air! Go dtuga Dia ciall duit! Níl do scéal i gclár ná i bhfoirm! A' dtiúrfása cead an cloigeann a bhaint díot fhéin?
Bhí "gaeilgeóirí" — brat aca — timpeall air seo thíos trathnóna, agus é ag innseacht dóibh. Go deimhin má bhí fhéin, ní raibh an rud a bhí sé a innseacht i gclár ná i bhfoirm. Ach cuireadh síos ar na leabhairíní é. Tiocfaidh siad leis!
Tá foirseadh mór cainte aige, ach nach bhfuil a leath i gclár ná i bhfoirm. Chuirfeadh sé dallach dubh ort mara mbeadh a fhios agad cé hé fhéin
Níl an chaint sin faoin gcogadh i gclár ná i bhfoirm. Má tá, cén chiall nachar chuala muid cheana í. Is gearr air sin a cumadh as a údarás féin. Sé atá deas air
→
formna
Níl an scéal sin i gclár ná i bhformna = i gclár ná i bhfoirm. (Tá fonóid focail ann: formna a dhéanamh d'fhoirm fc. foirm)
Ba diabhlaí an fothramán a rinne an sean-teach ag tuitim. Shílfeá gurb iad dhá chlár an domhain a bhuailfí faoi chéile
→
calm
Bhuail calm muid ag a' Matal, a's bhí an fhairrge in a clár. Dheamhan coisméig a bhí againn as sin anoir.
Is maith uaidh Mh. Ph. S. Mh. an clár mín a chur ar chuile shórt. Dheamhan a leithide a chonnaic tú ariamh a' ceartú scéil. Bheadh ciall in a leithide!
→
colg
Má chuireann tú colg air, dheamhan a bhfuil ar a' mbaile a cheannsóchas é. 'Bhfeiceann tú an chrobh láimhe a's an clár droma atá aige, bail ó Dhia a's ó Mhuire ar a' bhfear!
→
beanna
Tá mámh níos fhearr ná'n cíonán agad, má thugann tú do bheanna leat a' babhta seo. Is fada mise 'do dhiaidh, ach tá tú agham sa deire ar chlár na h-imeartha. = duine a' bagairt díoghaltais ar dhuine eile, a raibh sé ag iarraidh deis' a fhaghail air, le fada roimhe sin.
+
→
crinn
Cnámh crínnte na fírinne! Seadh, cnámh crínnte na fírinne as clár na mbréag. Sin é é!
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh ciall a' bith agaibh a dhul ar chúrsaí, agus sib fhéin a's an bád eile a' creinneadh a chéile. 'Séard a bhí agaibh a dhéanamh an uair sin scód a thabhairt di. Ní raibh baoghal a' bith go gcaithfí thart an seol. Tá bádóireacht mhaith agaibh chois teallaigh, go dteighe sib ar chlár na h-imeartha. Ní fhanann fuis nó fais orraibh annsin.
→
críoch
Chuirfeadh an ceann céadna Crích Mhuire thrídh 'na chéile le neart bréag, a's mhionnochthá 'na dheidh sin, mara mbeadh aithne aghad air, gurab í clár na fírinne a bheadh aige le 'chuile fhocal.
Tá cuaibhtheach de dhorna aige siúd, a dhéanfadh corp dhíot, gan stró ar bith. Sin í clár na fírinne!
→
bocht 1
Má tá sé falamh fhéin, nach bocht dó sin — fear nar ghnothuigh oiread a's cluithche ó shuidh sé anocht ag clár na h-imeartha.
Tá boimbiléad de mhullach cinn air, atá chomh leathan chomh láidir le clár a' chomhra mhóir.
Chuala mé go raibh sé in a bhruighshléacht aige annseo thíos aréir, i ngeall ar imirt. Bhí sé 'déanamh amach go raibh daoine a' déanamh comharthaí dhá chéile ag a' gclár.
+
→
buail
Bhuail cuaibhtheach de'n ghaoth timceallach sin mé ar árd J. S. a's dheamhan mórán a' bith, nar árduigh sí idir chlár a's chuinneog de lom a' bhóthair mé.
TUILLEADH (4) ▼
Chuaidh beirt as an áit seo fadó, amach ar a bhfeatha mhóir (meath?) ag iascach cholmóirí. Ná raibh ann mara dtáinic sé in a lom gaoithe aduaidh orra(b), a's b'éigean dóib leigean leis a' mbád iomramha gur bhuail siad tír imBaile Uí bhFiadhcháin i gConndae an Chláir. Ach níor chás dóib é, ó bhuail siad tír in aon-áit.
Bhuail sé isteach chugainn idir chlár a's chuinneog = tháinic sé isteach go dtí muid sa teach.
Is mór a' rud le rádh é, nach raibh a bhualadh sa gconndae scathamh, a' carruidheacht, ach sé lom-chlár na fírinne an méid sin.
Cluiche glaice é. Ní raibh bualadh aon-chárta a' gabhail leat ag a' gclár.
Seo(mh) isteach é, gan aireachtáil idir chlár agus chuinneog chugainn = tháinic sé isteach chugainn, ina chruth agus ina dheallradh, gan muid dhá chloisteáil ná dhá fheiceál go dtáinic sé thar a' dorus isteach.
+
→
airigh
Ní aireochadh sé sin é (an sioc), dhá dteigheadh sé thrídh chlár daraighe.
TUILLEADH (1) ▼
D'airigh mé fothromán diabhalta, mar bhuail(f)idhe dhá chlár a' domhain faoi chéile.
→
anachain
Tá sé pighne caillte agam, ní a' comhaireamh na h-anachain é, ó shuidh mé ag a' gclár = cearrbhach adubhairt as greann.
+
→
faon-
Céard a rinne an fíonn-oscal sin san doras. Tá an gath gréine isteach ann. An clár atá imithe as? Duine eicínt a thug "pound" dó. Nach bhfuil a fhios agaibh go bhfuil adhmad an dorais sin cho lag leis an luachair?
TUILLEADH (1) ▼
Tá fíonn-oscal san doras. Ceann de na cláir atá ar bogadh. Ní mór cupla táirne a fháil agus é a dhaingniú, nó brisfidh sé ó chéile ar fad
Nach hé an dó beag a tháinig feidheartha. Dheamhan mámh a bhí ar clár ach é fhéin = a bheith in a aon-mhámh; gan mámh ar bith eile a bheith ann len a leanacht ná len a bhualadh
→
fiúntach
B'fhiuntaí go mór duit a dhul isteach ann idir chlár agus chuinneóg agus an bhean a iarraidh (le pósadh) go breá slachtar, ná a bheith ag imeacht i bpoill agus i bpruchógaí, agus dhá hiarraidh ar nós chuma liom
→
folláin
Deir tú nach gcuirfeadh púdar an leic sin thoir in aer. Cheapfainnse go gcuirfeadh. Tá dromán folláin aice. Nach bhfuil sí in a clár reatha ar fad? Níl sí siunáilte chor ar bith. Ní féidir púdar a chur in aghaidh siunta i leic. Dhá gcuirfeá, ní bhainfeadh sé di ach screamhóigín
Má fhaghann tú dath an mháimh an iarraidh seo, ná bí ag fosaíocht leis mar a bhíos tú i gcomhnaí, ach tabhair clár dhó. Feicimse chuile fhear ag forcamhás ar an gcúig dheireannach
+
→
fostaigh
'Ar ndú' deir daoine go raibh Árainn fastuithe do Chonndae an Chláir fadó. Diabhal mé gur do-chreidthe an scéal é
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne J. ach a raibh d'airgead ar an gclár a fhastú, agus leigean leis fhéin amach. D'fhága sé an dream istigh gan pínn gan bonn
→
féith 1
Ní raibh féith de mo chroí air a mhic ó, nuair a bhuail sé isteach chugam idir chlár agus chuinneóg = ní raibh mé ag súil leis; ní raibh cuimhne ar bith agam go dtiocfadh sé
+
→
imirt
Bhí suas le punt ar an gclár as deire na h-imeartha: bhí punt idir-chamánuidhe, agus an imirt ag tarraingt ar a deire.
TUILLEADH (2) ▼
Caith anuas annsin ar chlár na h-imeartha é go bhfeiceamuid céard tá ad (agad) = deirtear seo le duine a bheadh ag coinneál suas cártaí mar dhóigh dhe, gur cárta maith é, go mbeadh an chuid eile imrighthe.
Ní fhágfa tú clár na h-imeartha go n-innsighe tú dhomsa, cé'n chainnt a bhí ort fúm an oidhche dheireannach = ní imtheocha tú as ball na h-áite seo agus rl.; ní fhágfa tú an áit a bhfuil tú agus rl.