Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

cleithiúnas (4)

 
Is beag é do mheas ar an bhfrídeóir, ach deirimse leat gurb shin é an gnaithíoch. Marach é sin is fadó ariamh an lá a bheidís de dhruim tí. Maidir le bheith i gcleithiúnas an mhac is sine! Bheidís ar deireadh muis! Dheamhan déantús maitheasa ar bith annsin!
 
fóir
Níl buille maitheasa déanta agaibh ó mhaidin. Go bhfoire Dia ar an té atá in ur gcleithiúnas!
 
feall 2
Más i gcleithiúnas A. atá tú, ní bheidh tú ro-bhuíoch duit fhéin. Feallfaidh sé ort (loicfidh, clisfidh. He will let you down; he will play the "dirty" on you
 
Ná tabhair áird ar bith air! Dhá mbeadh sé sin ag iarraidh a theacht, b'fhurasta dhó a theacht. An deághealladh agus an droch-choimhlíonadh i gcomhnaí. Is fhearr dhuitse fear a fháil a dtiúrfaidh tú luach a shláinte dhó, ná a bheith in a chleithiúnas chor ar bith.