Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

conórach (10)

 
Droch-rath ort a bhéal gan chaomhamhaint, maran tú a bhí conórach a dhul dhá innseacht sin di.
 
cleite
Tuilleadh ghéar do'n mhíádh aige! Is beag a h-iarradh air a chleite a chur ann, luath ná mall, marach é 'bheith conórach, é fhéin.
 
cora
Nach conórach í a dhul a' cur aighneasa mar sin ar a' séiplíneach. Ach chuirfeadh sí sin carra chainnte ar a' té nach bhfaca sí ariamh.
 
Bíonn sé ag imtheacht chomh conórach ar aontaighe, a's a chleite istigh aige is 'chuile mhargadh, a' tnúthán le béiréistí.
 
Nach conórach a' mhaise dhó é, bualadh síos ar an eirighe-amach sin.
 
'Sé bhí conórach a dhul isteach annsin (féach conórach)
 
Nach conórach an mhaise dhó é a dhul soir ag an bpaidrín 'chuile thrathnóna. Cá'id ó d'eirigh sé amach cho diaganta sin. Dar mo choinsias muis chonnaic muide scathamh eile é agus ní raibh sé ro-dhiaganta chor ar bith. Rud ar bith nach mbeadh trom ná te, bheadh sé fuaduighthe aige. Ach síleann sé má tá teach nuadh déanta aige anois go bhféadfaidh sé a bheith in a shearrach indiaidh gearráin ag sagairt!
 
Is conórach an diabhal é. Thug sé daoine ann nach raibh gubh bainse ar bith aca air, agus níor bhac sé lena dhlúth-mhuintir féin. Tá dhá chol ceathar aige annseo thiar i mB. na hA. agus níor thug sé cuireadh ar bith dhóib, marar thug sé cuireadh casáin
 
drámh
Ní rachainn siar ann ar mhámh ná ar dhrámh. Nach mé a shíleas tú a bheith conórach. Níor thug mise conórtas de'n tsórt sin abhaile liom
 
déan 1
Nach beag beag a bhí le déanamh aice a dhul suas annsin, marab í atá conórach againn!