Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
de

díobh (11)

+
de
Cé dhár díobh thú? = cé'n sloinne atá ort? (bíonn an b in díobh séimhithe san leagan seo agus d caol a bhíos ann is chuile áit)
TUILLEADH (1) ▼
Is cuma san diabhal cé dhár díobh é, dhá mba de thincéaraí féin é, ach is gleóite an duine é
 
Gearr na cloigne díobh. Níl aon-mhaith ionnta. Níor dearnadh ariamh le cloigeann bod gorm nó bláthain ach a fhágáil ag an deachma
 
Tá na fataí atá againne imbliana in a ndeargáin as éadan. Facthas domsa an uair a bhí mé dhá gcur nach raibh na síolta ro-dhearg chor ar bith. Ach nach hé an cás céadna é. Is beag an locht iad na fataí dearga dhá mbeadh a sháith ag duine díobh.
 
"Bean a chas le Mícheál Mhac Suibhne agus páiste suirghe aice. Thosuigh Mícheál ag magadh fúithe: Mícheál: Cá bhfuair tú an páiste? Ise: Fuair mé ar sop é. Bhí an ithir agam féin, agus fuair mé an síol in aisce. Mícheál: Cé dhár díobh é? Ise: De chlann Donchadha é idir bhonn agus uachtar. Mícheál: Cé dhár díobh na deireadhachaí? Ise: Dhá mbeitheá ann aimsir an lasctha, bheadh a fhios agad sin. Mícheál: Cáide uainn Margadh Bhaile an Dubhghaill (/dūl′/)? Ise: Má chuireann tú do theanga in mo thóin, beidh do shrón ar an margadh. Scaoil sé cnaipe. Mícheál: Tóig é sin uaim. Ise: Níor tóigeadh aon-laogh ó aon-bhó ariamh go ligheadh sí é. Ligh an chéad uair é. 'Óra a dheaidé' adeir an mac (.i. mac Mhichil) 'nach géar í gan gob'" (Giota faoi bhean ar chuir Mícheál Mhac Suibhne caidéis uirre. Tá an iomad leagan air seo ar fud na Gaillimhe, ach tá siad uiliog gáirseamhail. Tá mé dhá thabhairt annseo mar tá samhail mhaith ann agus magadh focail faoi'n ngréasaidheacht deireadhachaí, lasca)
 
díle 1
Bhí sé ag caitheamh sceana gréasuidhe agus an barr-géar díobh anuas, ar feadh na h-oíche. Sceith an sruthán isteach ar an tsráid, agus isteach ins an teach. Shíl mé go dtiocfadh an Díle thar an Domhan
 
Cé dhár díobh é! — ní de'n díogha é ach de thogha na bhfear = caint ghreamannach a bhíos scaithtí ag daoine an uair a fiafruighthear díobh cé dhár díobh thú (é agus rl.); nathuidheacht é a bhaineas le díobh, díogha ó atá siad ar aon-fhuaim
 
"Lean mise an seanchas agus d'fhiafruigheas cé dhár díobh í; 'Cá bhfuil do ghaolta nó an maireann siad beo; Nó an tú cineál Úa Chonchubhair a bhí againn 'sa tír seo; Mar bhí siad an-díonmhar a's in a bhfamily mór'; 'Ní mé cineál Úa Chonchubhair a bhí agaibh 'sa tír seo; Má bhí siad an-díonmhar a's in a bhfamily mór; Ach 'sé ainm agus sloinne dhom bainrioghan na bruidhne; Is mé cineál na síofraí as Cnoc Leitir Mhóir' (ceathramhadh as amhrán dár tús "ag gabhail Bealach na h-Olla dhom 'seadh chonnaic mé an t-iongantas")
 
Deir siad gur fear doscúdhach a bhí annsin aimsir na mBlack & Tans. Bhí sé ar a chaomhamhaint agus aithne mhaith aca air, agus oíche amháin in a dheidh sin, bhuail sé isteach i dteach ósta a raibh scaoth aca ag ól ann. D'fhan sé istigh i seoimrín beag ar cúlráid, agus bhí sé ins an áirdeall orra, nó go raibh a dtrúmlach (tromlach) scaipthe, agus nach raibh fanta ach beirt nó triúr a bhí ar a mbog-mheisce. Shiubhail sé amach annsin de mhaol a mhainge agus bhain sé na gunnaí díobh; agus bhuail sé dual na druinne orra. Dhá mbeirtí air, bhí a chnaipe déanta
+
dúid
Siúd í an cailín nach bhfuil an col aice le fuil. Chonnaic mé ag breith ar thrí choileachín indiaidh a chéile í thíos ag an teach faoi Fhéil' Mártan agus ag scóth an chloiginn amach ó'n dúid díobh. Diabhal mé mara mb'éigin dom fhéin an tsráid a thabhairt orm fhéin. Chuir an fhuil carghas orm
TUILLEADH (1) ▼
Tá brocaire beag aige agus an drioball bainte amach ó'n dúid dó. Deir siad nach ngoillfeadh sé a dhath orra, dá mbaintí díobh in am é