Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fáinní (11)

+
Cuirtear fáinní i muca len a gcoinneál ó thochailt
TUILLEADH (10) ▼
Dhá gcaithtéa cloch san bhfarraige dhéanfadh sí fáinní = cineál sciotar uisce nó lonnaí a theagas san uisce. Bíonn siad ag leathnú amach
Tá fáinní ar an uisce. Bradán atá ann leis an lonnadh sin
Thuit an breac den dubhán orm síos san bpoll aríst. Ní raibh an oiread caraois ariamh orm len a raibh orm ag breathnú air ag déanamh fáinní ar bharr an uisce
Tá fáinní in a cúl sin = lúba gruaige; troisleáin; bachaill ghruaige
Bíonn a cuid gruaige in a fáinní aice i gcomhnaí.
Bhí sé ag gearradh fáinní le olc = ag gearradh bogha; duine a mbeadh an-fhearg nó an-chuthach air
Bhíodh sé ag glaomaireacht agus ag gearradh fáinní soir annseo ag iarraidh achrainn, ach fuair sé lán a chruite dhó (dhe) faoi dheireadh
Ara a dheárthair mo chroí thú, dhá bhfeictheá é! Ag gearradh fáinní agus dhá shníomh fhéin, agus ag iarraidh fear ar bith dhá raibh ann amach ar "fair play". Ara ag magadh faoi a bhí muid
Bhí sé ag gearradh fáinní ar fud an tí aríst anocht. Taghd eicínt a cuireadh air inniu. Changlódh sé fóthannán fireann le díocas oilc
Ní bhíonn aonach ar bith anois ann nach mbíonn sé ag gearradh fáinní agus ag ollmhachan achrainn. Is cosúil go bhfuil an-mheas fir aige air fhéin. M'anam muise go gcasfar duine eicínt dhó a chuirfeas gráin aige ar an obair sin