Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fáinniú (9)

+
Tá an lá ag fáinniú = tá an fáinne bán ann. (Nuair a chuirtear "lá" san gcaint fáinniú nó fáinneachan adeirtear agus ní fáinne. Ní abruíthear "fáinne" ach leis an "bhfáinne bán", fáinne na fuiseóige)
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé ag fáinniú lae measaim
Ag fáinniú lae a bhí sé, nuair a thuit mé in mo chodladh
Ní cheapfainn go bhfuil sé ag fáinniú lae fós
Chaitheadh muid a bheith amuigh leis an réalt an t-am sin. Is minic a chonnaic mé an lá ag fáinniú agus mé ag baint fhátaí tigh Mh. M'anam gur minic a bhí ceathair nó cúig de shúileogaí bainte agam roimh mo bhricfeasta. Nar bh'olc an saol é sin!
Caithfidh mé eirí le fáinniú lae amáireach agus a dhul indiaidh coiníní. Tá foghail déanta aca san ngeamhar sin thuas
Bíonn sé ina shuí le fáinniú lae chuile mhaidin
"Eireóidh mé amáireach le fáinniú an lae ghléigil, agus tiúrfaidh mé an chuairt siúd amach go barr sléibhte" (tús amhráin)
 
droim
Is gearr a bhíos oíche an tráth seo 'bhliain ag dul thar druim. Níl ann ach go ndúineann sí ar éigin, agus bíonn an lá ag fáinniú aríst ar an bpuinte. Ag fágáil na tórradha dhuinn ar maidin ag an ceathair a chlog, bhí aithne lae air an uair sin