Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fáiscthe (7)

 
bruach
Sin é an stócach cruadh fáiscthe. Chonnaic mé thíos annsin é, an lá faoi dheire in éindigh len' athair a' leagan bruachannaí, a's inDomhnach, leag sé bruach ar a' mbruach leis.
 
buinne 1
Níl a dhath maitheasa dhuit tairngí a chuir innte. Eireocha sí aríst. Níor mór stuádháil nó buinne a chuir isteach faoi'n tosach, le na choinneál fáiscthe síos.
 
Is cruadh, fáiscthe an bunastáinín de ghasúr é.
 
droim
Chaith muid suas in a carra í idtús bliana agus fágadh mar sin í. M'anam agus ná raibh ag an diabhal i dtús na Bealtaine, 'nuair a bhí breith againn a dhul ar an bportach go raibh sí (móin) ag eirghe de dhromannaí a chéile agus an t-uisce ar fad fáiscthe aisti. Ní raibh a dhath ariamh le déanamh againn léithe ach a baint as a toirt agus a scaipeadh amach rud beag. Bhí sí in a snaoisín ar an bpuínte
 
déag
Bhí sé as na déaga shul á ndeachaidh treabhsar air. M'anam go mbíodh sé ag dul thart annsin le na chóta dearg agus é in a chliobaire mhór shínte. Chonnaic mise tuithte ar meisce é faoin a chóta dearg. Sin é an chaoi a raibh 'chuile dhuine an uair sin. Ní maith go mbíonn siad coiscthe de'n chích anois an uair a bhíos brístín glúnach fáiscthe thuas orra …
 
Cá'id ó bhuail díshláinte é. Shílfeá gur fear luath láidir cruadh fáiscthe é. Ach ní bhíonn a fhios ag aon-dhuine cá luigheann an bhróig ar an gceann eile. 'Chuile dhuine agus a anshógh féin go bhfoiridh Dia orainn!
 
Tá dubhradáinín dona d'athair aige muis — ní dhá roint leis é, ach dhá fhágáil aige. Dheamhan carr móna a bheadh bainte aige bliain mhór fhada agus é a fhágáil faoi féin. Ach dhá dhonacht dhá bhfuil sé anois ba mheasa go mór fadó é. Buille maitheasa ar bith ní dhéanadh sé ach fáiscthe síos ar bhóithrí agus ag súdaireacht soir annseo.