fóint (19)
+
→
fóin
Níl aon-fhóint (fónamh, amanntaí) san láighe seo níos mó. Tá sí caite
TUILLEADH (18) ▼
Coinnigh é. B'fhéidir go mbeadh fóint ann duit (b'fhéidir go bhfóinfeadh sé duit) uair eicínt
Dheamhan fóint ná cuid d'fhóint san tsean chathaoir sin níos mó. Cá bhfuigheadh sí é?
Coinnigh leat an fear sin. Ní bheadh a fhios agad, nach mbeadh fóint ann duit uair eicínt
Caithfidh sé seo fóint dom, ó thárla nach bhfuil a mhalrait agam. Ach b'fhéidir go mbainfinn mo ghaisneas as
Sin é a bhfuil de mheas agad ar mo chuid oirnise. Dar fia tá fóint thairis sin inte
Níl d'fhóint anois sna sean-pháipéir chíosa sin (n)ach go lasfaidís an píopa do dhuine.
Dheamhan a mbrisfidh mé é. Cuirfidh mise i bhfóint fós é sin
Ní dhíolfadh sé an carr. Tá sé ag ceapadh go gcuirfidh sé i bhfóint fós é. Dheamhan cur ná go héag, mar beidh sé críonta
Tá an tsean-bhó sin ó fhóint anois = tá a cuid fóinte ar iarraidh; tá a cuid fónamh ar iarraidh
Dhá bhféadainnse fóint ar bith a bhaint as an tsean-láighe seo, ghabhfainn do chúnamh dhaoibh = dhá bhféadainn obair ar bith a dhéanamh léithe
Bhí sé ag iarraidh fóint a bhaint as an sean-asal, ach mo chreach maidne é! Ní túisce a bheadh an t-ualach líonta air ná a luighfeadh sé faoi
Is iomdha fóint a dhéanfadh S. A. timpeall an bhaile dhá mbeadh sé ann = leas, gar
Diabhal mé gur hiomdha fóint a níos madadh i dteach. Choinneódh sé amach na cearca fhéin len a shaghdadh ionta
Sílim go gceannóidh mé gunna gráin. Is iomdha fóint a dhéanfadh gunna. Ní bheitheá lá ar bith gan anlann
Is iomdha fóint a rinne an sean-asal fhéin do na daoine, nó gur cailleadh é
Is mór an ní an áit a bheith d'uireasa dochtúr. Déanann dochtúr cuid mhaith fóinte
M'anam muise go bhfuil an maide sin ag déanamh fóinte (ag fóint) dhomsa ó a buaileadh suas as na cosa mé
An bhfuil an sean-pheann sin a thug mé dhuit ag déanamh a rath fóint duit? Is fhearr é ná a bheith gan tada, nó go ndeasuighe tú do pheann fhéin