Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fréimhreachaí (8)

 
aníos
Tharraing sé an crann as na fréimhreachaí aníos.
 
Crainnte an-fhréimheach (fréimhreach) iad sin. Bíonn an cuimse go deo fréimhreachaí uatha. Níor mhaith dhuit a gcur in aice tí. Scoiltfidís an balla ort dá gcairidís amach faoin a bhonn
+
Níl aon mhaith créachtachaí a bhaint mara dtuga tú leat as na fréimhreachaí iad
TUILLEADH (3) ▼
Tá fréimhreachaí (atha) in a chosa = féitheachaí; varicose veins
Tá na fréimhreachaí eile sin in a cois
M'anam muise má tá fréimhreachaí in do chosa nach mór duit a dhul rómpa. Deir siad dhá bpléascaidís sin, go dtiocfadh an deoir deireannach de do chuid fola, crois Críost orainn!
 
Tá sé sin anois cho daingean istigh ins an mbaile sin agus a bheadh sean-chrann i gcoill. Tá fréimhreachaí amuigh aige is 'chuile áit, agus chaithfeá 'chuile cheann aca a bhriseadh, shul á d'fhéadfá a chur de dhruim seoil
 
dona
Tá na fréimhreachaí ag borradh sna cosa agad aríst. Ní measa ar bith é (ní measa beirthe é)