Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fraghachaí (13)

+
fraigh
Leagfaidh tú fraghachaí an tí, má bhíonn tú i bhfad eile ar siúl
TUILLEADH (11) ▼
Bhí an dóiteán déanta suas le na fraghachaí nuair a tháinig siad isteach, ach ní raibh sé san díon
Bhuailfeadh sé a cheann thuas ar na fraghachaí. Ní fhaca mé aon-fhathach ariamh mar é, bail ó Dhia air
Bhain sé dhó a sheaicéad agus chaith sé suas sna fraghachaí é, agus d'iarr sé fear ar bith san teach amach (ag troid)
Feicim dhá racán thuas sna fraghachaí san teach seo thíos
Tá líonta crochta sna fraghachaí ann
Chuaigh sí sna fraghachaí annsin. Bhuail sí síos Gaillimh agus d'imigh sí le máirnéalach, agus níor tháinig leitir ná scuan uaithe uaidh sin suas
Meastú nach bean í sin atá gaibhte sna fraghachaí. Marach gurb ea, ba bheag an baol uirre a dhul ag tabhairt chomhlódair don sean-druinníneach sin atá a trí haois
Chomh luath agus a caintíodh ar an áit thoir chuaigh sé sna fraghachaí. Shílfeá a mhic ó go leagfadh sé an teach go talamh. Siúd é an diabhal atá drochmhúinte.
Gabhfaidh sé sna fraghachaí. Is fhearr dhuit gan treas ar bith a chur air. B'fhéidir gur thú a mharú a dhéanfadh sé. Siúd é úll na haithne
Má theagann S. sna fraghachaí dar m'anam duit go mbeidh scéal agad air. Níl duine ar bith beó is preabaí ná é. Speirfeadh sé thú cho héascaidh agus a bhreathnódh sé ort. Mo chomhairle dhuit: ná bac leis
Sin é an chaoi a bhfuil an t-aos óg atá ann anois: imithe sna fraghachaí. Níl smacht athar ná mathar orra
 
dod
Is furasta dod a chur air. An rud is fánaighe ar bith feicfidh tú ag gabhail ins na fraghachaí é