Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fuinín (14)

 
Ní fhágfadh sé fuinín gruaige ar mo cheann gan strachailt dhó (dhe) marach gur baineadh as greim é
 
Folt féasóg ná fíonnach níl air anocht. Bhearr sé an fíonnach cho maith le rud ar bith eile. Tá a mhullach cho geal le calóig ru. Lom sé isteach go grinneal é. An fuinín fhéin níor fhága sé air fhéin
+
Más ag faire ar an dá mholt siúd atá sib l'aghaidh ábhar báiníní, beidh sib dhá uireasa. Dheamhan fuinín orra, cés moite dhá dhath ar éigin goin-olann. Nach bhfuair siad bearradh Samhna
TUILLEADH (11) ▼
Níl fuinín féir ar an talamh fós, thréis go bhfuil an Márta bunáite amuigh = sop, seamaide
Dheamhan fuinín féir ag gabhail leis le caitheamh ag bó ná ag gamhain, agus rómhat amach a theastós an farae. 'Ar ndú níl tada den gheimhreadh tharainn fós
Bhíodh an baile seo faoi ainleoig ar fad roimhe seo, ach dheamhan fuinín di anois ann
Ní bheadh a fhios agad cén chiall a mbíonn cur cho glan sin aige. Ní fheicfeá fuinín salachair in aon-ghort ag gabhail leis
Níor fhága an feothan mór siúd anuiridh fuinín ar an teach aige. Nocht sí isteach go caolach é = a dhath tuí dhín
Níl fuinín éadaí aige le cur ar a chraiceann
Ara diabhal fuinín éadaigh (falach) a bhí uirre siúd. Ba chuibhiúla di go mór imeacht in a craiceann ná an chaoi a raibh sí!
Níor fhága sé fuinín den leitir nar stróic sé
Níl fuinín gabáiste ar m'fháltas. Cá bhfuighinn í?
Tá sí (bád) in a crann. Níl fuinín seoil thuas aice = tada
Chuartaigh mé an baile ó sháil go rinn ach dheamhan fuinín tobac istigh ar a chorp.