→
fuis
fuis fais (12)
→
crinn
Ní raibh ciall a' bith agaibh a dhul ar chúrsaí, agus sib fhéin a's an bád eile a' creinneadh a chéile. 'Séard a bhí agaibh a dhéanamh an uair sin scód a thabhairt di. Ní raibh baoghal a' bith go gcaithfí thart an seol. Tá bádóireacht mhaith agaibh chois teallaigh, go dteighe sib ar chlár na h-imeartha. Ní fhanann fuis nó fais orraibh annsin.
+
→
fuis
Sin fuis fais = sin seafóid, caint ar sraith.
TUILLEADH (10) ▼
Cé aige ar chuala tú an fuis fais sin? … Go deimhin is geall le rud adéarfadh sé é
Ná bac leis an múineadh atá gasúir a fháil anois. Gaeilge ar fad, agus gur an iomarca dhi atá aca cheana. Tá a mh'anam a dhá ndíol. Fuis fais uiliog í an Ghaeilge chéanna. Dheamhan lá den ádh a chonnaic mé ar an saol ó a thosuigh sí ag teacht amach
Ara ná géill dóibh sin. Fuis fais ar fad a innseós siad sin duit. Dhéanfaidís an oiread bréag agus a dhéanfadh madadh de shodar
Ní chuireann siad fuis ná fais ar a chéile; ní chuireann siad fuis ar a chéile = ní chuireann siad aon-aighneas ar a chéile; ní bheannuíonn siad dhá chéile
Dheamhan a fhios agam céard is cor dó. Is fadó ariamh an lá nar chuir mé fuis ná fais air. Níl muid an-gheal dhá chéile chor ar bith
Sílim nach gcuireann an sagart fuis ná fais air, ón uair sin fadó nach dtiúrfadh sé a thuarastal dó. Chonnaic mé ag dul thairis siar é an lá cheana, agus níor chuir siad aon-araoid ar a chéile
Ara dheamhan fuis ná fais a fuair mise ar a cuid cainte = níor fhéad mé aon-mheabhair nó aon-adhmad a bhaint aisti
Níl fuis ná fais le fáil air, nuair a bhíos aon-deóir ólta aige. Is cuma leis é, ach ag síorádh leis mar sin
Tá sé cinnt ormsa fuis ná fais a fháil ar an bpáipéar seo. 'Ar ndú' sé mo scil ann é arsa tusa. Tá siad ag fiafraí ann ar chuma ar bith a bhfuil aon-phínn san mbeainc agad!
An t-aos óg atá san rota seo anois, ní bhfaightheá fuis ná fais orra. Dar brí an leabhair an dream a bhí ann agus mise in mo bhithin óg, dhá ndéaraidís leat go ndéanfaidís rud, dhéanfaidís é, ach iad seo … !