Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

leabthachaí (4)

 
Tá an áit ar fad faoi leabthachaí dubháin alla
 
Tá deireadh na raithnighe curta isteach faoi na beithidhigh anocht. Caithfidh sib a dhul ag baint leabthachaí feasta, má bhíonn siad (na beithidhigh) i bhfad eile istigh
 
Diabhal mé go bhfuil an leabaidh seo an-bhog agus na leabthachaí dromannacha a raibh muid in a (ar) gcodladh orra le bliain
 
Tháinic pucairí as Gaillimh annseo lá ingleóiteoig. Chaith siad an lá ag treabhadh leo ar fud an oileáin nó gur imigh siad aríst trathnóna. Casadh liom féin annsin thoir iad. Bhí bean ann agus bhuail sí bleid chainte orm fhéin go h-áirid. "'Bhfeiceann tú an dubhchosach a fuair mé adeir sí." "D'eireodh dhuit" arsa mise. "Tá sí in a snáth mara ar fud an oileáin seo. Is deas an ball í sin anois in do phárlús, ach bí san áirdeall uirre go maith, agus déan leabthachaí teó len a h-aghaidh, agus coinnigh sdriog uisce uirre … ". An bhfuil a fhios agad céard a bhí aice: geósadáin. Diabhal focal bréige atá mé a rá leat: geósadáin!