Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dathamhail
aidiacht
slachtar; go breagh; scéimheamhail; snuadhamhail.
+
Tá sí dathamhail
Bean an-dathamhail í
TUILLEADH (11) ▼
Tá sí buille dathamhail ach níl sí sáthach dathamhail aige siúd. Spéir na gréine nach mór dó
Tá sí dathamhail ach ní ingan-fhios di féin é. Tá sí leitheadach dhá réir
Is dathamhail go deo an buachaill óg é, bail ó Dhia agus ó Mhuire air
Tá sí bun-dathamhail, ach nach bhfuil siad uiliog mar sin?
Bean an-dathamhail í as a ceann aghaidh
Go deimhin muise níl sí dathamhail ná tada mar é. Tá sí ro-ruadh. Gile na ruadhcha an ghile gan bhuidheachas, adeir siad
Is dathamhail liom í le bualadh fúithe déarfá
Tabhair dathamhail uirre!
Dhá mbeadh sí cho dathamhail le Déirdre, ná le Helen fhéin hébrí cén sórt bean a bhí innte, is beag an mhaith di sin d'uireasbhaidh an spaigín
Is dathamhail an gearr-chaile d'inghin atá aige, bail agus beannú uirre!
Is breagh dathamhail an fear a fuair sí len a h-ais féin. Níl innte fhéin ach suaróigín
+
"Is minic gránna geanamhail agus dathamhail dona" (sean-fhocal) = is minic an té atá gránna go mbíonn sé go lághach síodamhail soilgheasach, agus an té atá dathamhail go mbíonn sé olc, beag-mhaitheasach, táireamhail
Tá sí sáthach dathamhail ag fear ar bith. Agus tá cúntanás aice le na daoine rud nach bhfuil ag cuid mhaith dhá samhail. Is minic, adeir siad, gránna geanamhail agus dathamhail dona
TUILLEADH (1) ▼
Cé le'aghaidh a dteastuigheann bean dathamhail uaidh
+
Tá culaith dhathamhail ort anois, go bhfágaidh Dia len a caitheamh thú
Is dathamhail an t-éadach é sin, mara bhfuil indán agus go dtréigfidh sé
TUILLEADH (2) ▼
Tá teach dathamhail anois aige ach dar príosta ba dathamhail an chrúib airgid a chaill sé leis freisin.
Sin bó dhathamhail bail ó Dhia uirre, agus tá an-úgh bhainne aice i gcosamhlacht

Dathamhail in iontrálacha eile (7)

 
Dar príosta tá sé ag sioc go daingean agus cupla iomaire "mhangals" annsiúd thíos agam gan clúdú, ná a dhath. Is dathamhail an chaoi a bhéas orra ar maidin
 
Rinne tú deargán críochnuighthe de'n chathaoir. Dhá mbeadh plúirín agad anois agus brat dó a chur as a chionn sin, bheadh sí go dathamhail!
 
Nó go ndéanaidh Dia dearmad dó, daidhean sluasaid a gheobhas sé uaimse aríst ná cuid de shluasaid. Is dathamhail an scéal é, an feac a bhriseadh innte, agus gan fad méire ag gabhail liom ach í
 
Ná tabhair d'fhaisean duit féin mar sin a phutacháin a bheith ag drad-gháire nó greamóchaidh sé dhuit! Dhá bhfeictheá tú féin anois. Go deimhin agus go dearbhtha is breagh dathamhail í do cheannaghaidh!
 
dreach
Tá dreach breagh dathamhail air
 
dúch
Deir siad nuair a bhíos bric eile ar a thí gurb shin é an uair a dtosuigheann an láimhíneach sin ag cur dubhaigh uaidh. Ní fhágann sé míor meacan de'n fhairrge ina thimpeall nach mbíonn faoi dhubhach aige. Ní léar do'n iasc eile annsin é. Bhí mé fhéin agus máistir scoile a bhí annseo thuas ar "leave" tigh J. amuigh ar meath an bhliain cheana. Ná raibh ann mara mbuaileann ceann aca é. "Caith amach é i dtigh diabhail" adeirimse "ní eallach ar bith é sin le bheith dhá bhuachailleacht sa gcurrach". Diabhal caitheamh! Ag déanamh iongantais de na dathannaí a bhí air a bhí sé. "Oibrigh ort a bhuachaill" arsa mise i m'intinn féin "ní móide go mbeitheá cho dathamhail ar ball". Ach níor bhac mé níos mó leis. Tháinic muid isteach sa gCaladh annsin thíos. "An bhfuil tú ag brath air an t-ógánach seo a thabhairt leat" adeirim féin, agus theann mé siar scaithín ar an tráigh. "Caithfidh tú treabhadh nó tiomáilt a dhéanamh, mar tá cúram orm an churrach a chur suas". Ní raibh fios na faillighe aige. Beireann mo dhuine bocht ar an láimhíneach, agus ní leis an láimhíneach ab fhaillighe é; scaoil sé scuaid as agus bhí an tráigh faoi dhubhach aige suas go dtí an leicín shleamhain údaidh sa meath-dhúrlinn. Níor thaobhuigh mo dhuine na currachaí uaidh sin amach
 
Chuaidh sé thríom é a fhastú, cor a chur in a láimh agus an tsinseáil a bhaint dhe gan bhuidheachas. Ba dathamhail an scéal é: mo chuid sinseála a choinneál, agus é a shéanadh annsin, agus í i gcúl a ghlaice aige i gcaitheamh an achair. Nach spleádhach uaidh an chneamhaireacht a dhéanamh