Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drochrath
+
Droch-rath an diabhail uirre agad nach gcaitheann uait í (eascainí)
Droch-rath air le rud a dhéanamh!
TUILLEADH (4) ▼
Droch-rath go deó ort! Breá nachar bhuail tú é! Ach ní bhuailfeá. Ní raibh sé de rath ort
Droch-rath aige air mar asal, marab aige atá an ghaisce as! Ní fheiceann muide maith ar bith air thar asal ar bith eile
Chuaigh droch-rath ar an airgead, ar an dá luath agus a bhfuair an t-athair bás = caitheadh nó diomallaíodh go dona é
Sin é an chaoi a gcuireann sé droch-rath ar a chuid fataí chuile bhliain: a bhfágáil amuigh sna puill nó go lobhann siad

Féach freisin

rath