Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dubhscríb
ainm-fhocal, buineann
fc. scríb
droch-scríb; ruathar díobhálach; duine a leanacht de rún mísc nó místaid a dhéanamh air.
+
Thug sé dubhscríb in a dhiaidh. Dá mbeireadh sé air, dheamhan fata a changlódh sé len a mharainn. Dhéanfadh sé aon-lá amháin dó
As go bráth le P. agus thug J. dubhscríb in a dhiaidh agus an chroch aige len a mharú. Ach thug Dia do Ph. gur thug sé an eang uaidh. Níor labhair an bheirt le chéile ón lá sin go ndeachaidh siad i dtalamh. B'olc iad na cleis sin a bhíodh ar na tórraíochaí
TUILLEADH (4) ▼
Isteach liom ag déanamh aithgiorra má b'fhíor dhom féin, ach ba shin é an t-aithgiorra a fhobair a thiacht daor orm. Bhí mé siúl liom de réir mo choise treasna na páirce agus gan fios na faillí agam, nuair a chonnaic mé an tarbh. Chuir sé smut air féin agus thosaigh sé ag búiriúch. Thug mé féin do na buinn é, ach níor leissean ab fhaillí é: thug sé an dubhscríb in mo dhiaidh. Rinne mé féin ar mhaol-bhearna, ach chuaigh sé idir mé agus í …
Chuaigh mé de dhubhscríb ar a thóir ach thug sé na h-aobha uaim. Níor mhór dhó. Dá bhfaghainnse greim air, bheadh an tseamair Mhuire aige, dhá dtugadh sé a chnámha slán uaim
Fuair sí a bhonn ingarraí beag Mh. agus thug sí an dubhscríb soir, ach bhí sé gaibhte ro-fhada. Brocach Bh. Ní Ch. a thug sé air féin tá mé ag ceapadh. Chonaic mé an-talltúchán ag béal na brocaí, agus anoir ar an gcnocán
Má ghníonn tú tada, tiúrfaidh mé an dubhscríb [in d]o dhiaidh, agus dá dteightheá go deireadh an domhain béarrfaidh mé ort

Féach freisin