Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dalta
/dāʟtə/: /daʟtə/
ainm-fhocal
Níl sé ach in aon-leagan amháin. (Is beag nach bhfuil an leagan seo seirgthe sa gcaint. Tá sé ag corr-sheanduine fós, ach is dona atá sé ag cuid mhaith aca. Fearacht nó "a fhearacht" atá in a áit. Is cosamhail go mbadh comh-fhocail i gcomhnaí iad. Tá sé roint coitianta san gcaint in Árainn).
fearacht; samhail.
+
Ní hé a dhálta sin agamsa é muis = ní hé a fhearacht sin agamsa é; ní mar sin atá mise; ní shin é is cor domsa
Tá do chuid fataí lánuighthe agadsa, ach ní hé a dhálta sin agamsa é (chuala mé m'athair dhá rádh seo agus chuir mé caidéis air faoi, agus dubhairt sé go raibh sé tréan sa gcaint roimhe seo)
TUILLEADH (4) ▼
Má tá dalladh feamainne duibh' agaibhse, ní hé a dhálta sin againne annseo é. Ní leasóchadh a bhfuil d'fheamainn dubh againn dhá phíosa fataí agus bíodh muid taobh léithe. Caitheann muid lucht a cheannacht 'chuile bhliain, ach ó fuair muid an churrach, tá na muláin agus na brantraídheachaí dhá fháil (baintear iad)
Tá T. go lághach, ach ní hé a dhálta sin ag J. é. Níl comharsanacht ar bith ann. Caitheann sé a shaoghal ag forcabhás ar bhearraidheachaí a bhaint dhe dhaoine eile
Tá an bainne spreagamhail, ach ní hé a dhálta sin ag an tae é. Tá scudalach tae i siopaí annsin soir, agus tá duine ar bith dhá bhfuil dhá ól leath-tholgtha. Ní hé an cúigeadh scoth fhéin é
Tá an mac sáthach síodamhail, ach níorbh é a dhálta sin ag an athair é an fhad agus a mhair sé, go ndéanaidh Dia trócaire air, mar sin féin. Ba mhór leis rud ar bith d'aon-duine. Mara bhfeiceadh sé ach an míol buidhe ar do chuid talmhana d'fhéachfadh sé len a dhíbirt, faitíos go n-eireochadh leat é a mharbhú. Sin é an sórt duine a bhí ann
·
A dhalta sin, chonnaic mise fear annseo — D. a bhí annsin thoir — agus ní bheadh scéal instighthe (/iɴ′št′ī/: innsighthe) aige oiche áirneáin. Thoiseochadh sé ar scéal, agus ba ghearr go mbadh scéal eili é, agus ní chuimneochadh sé ar an scéal toisigh chor ar bith annsin (ó Sheán Ó Bheáin, Cearnmór, Baile an Chláir: bhí mé ag cur caoi dhó ar fhear a bheadh ag dul anonn agus anall le scéal agus dubhairt sé é sin; mar dhóigh dhe go raibh aithne aige fhéin ar fhear a bhí ar an gcóir chéadna)
A dhalta sin anois (rud mar atá ráidhte agad) chonnaic mise bó agam féin annseo uair …
+
Tá sé téisiúil, ní hé dálta a dheirshiúr é = tá sé teann nó bunáiteach ní hé fearacht a dheirshíre é. Níl sise teann ná bunáiteach
Is tú atá dícheallach bail ó Dhia ort ní hé dálta daoine eile é. Is maith luath atá tú aníos ón gcladach agus an mhuintir se'aghainne faoin bpluid fós. Ach ba lá corr é an lá inné.
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh na liúrachaí ag gíoscán ar na fonnsaí sna curachaí atá agaibhse, ní hé dálta na gcurachaí atá annseo é. Ní mór do na curachaí a bhíos againne a bheith go maith. Níl de bhus ná de [...]