Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dógh ghorm
ainm-fhocal; fireann
geineamhnach uathaidh — dógh ghuirm
cineál muirtéil chruaidh a chuirtear d'urláir i gcroithe nó i sciobóil. Foghnann sé freisin ag saothrú riasca nó talamh sléibhe. Scartar amach tiugh air é mar aoileach. Chuala mé "blue mortar" air i mBéarla. Tá sé dhá chaitheamh in aer ó a tháinic an stroighin.
+
Dógh ghorm a chuirfeadh bail air sin. Dheamhan riasc dhá fhiadháine nach bhfuil sé in don a thabhairt 'un míneadais
Dógh ghorm agus gaineamh gortach a chur air sin agus bheadh sé ag tabhairt chruithneachta duit faoi cheann dhá bhliain
TUILLEADH (1) ▼
Léan ar do chuid dógh ghorm agad! Cuirfidh mé "cement" ann. D'eile!

Féach freisin

gorm