Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dóchas
ainm-fhocal, fireann
geineamhnach uathaidh: an dóchais.
súil, muinín, tnuthán, ag ceapadh go dtárlóchadh rud áirid agus rl.
·
Tá dóchas agam go mbeidh an lá amáireach go breagh
Tá dóchas maith againn indiu air. Shílfeá go bhfuil iontú bisigh aige: roint ar chaoi ar bith
·
Níl aon-dóchas le bheith ar mhóin imbliana. Tá sé ag cothú na droch-uaire ro-fhada.
Is beag an dóchas atá le bheith uirre. Ag dul 'un donacht' atá sí