Nualitriú
Bunlitriú
For-chraiceann (fuar-chraiceann)
—Ainmfhocal
1.
a.
an scamall is fuide amach de leathar na colna; an craiceann amuigh atá ar shlait an duine.
·
Tá an for-chraiceann ar fad sceite de mo lámha leis an obair sin. Tá a fhios ag mo chroí gur meata an obair í
Gabh i leith annseo. Céard atá ort? Is beag an rud atá tú a fhuasaoid. 'Ar ndó' níl tada ar an láimh sin ach go bhfuil rud beag den fhuar-chroiceann tóighe dhi. Ná bí dhá cuimilt, nó cuirfidh tú chun óthrais í
b.
tugtar ar chupán na súile freisin é scaití.
·
Dúirt an dochtúr nach raibh tada ar an amharc agam, ach gur ar fhor-chraiceann na súl agus ar na foraí a bhí sé. Tá sí an-tinn
2.
an scamall craicinn a theagas ar lot nó ar ghearradh.
+–
Shílfeá go bhfuil for-chraiceann ag teacht ar an lot sin. Tá agad anois le cúnamh Dé. Ó atá sé ag tosaí ag cneasú chor ar bith ní bheidh aon-mhoill air
Tháinig scamall beag fuar-chraicinn san áit a raibh an nioscóid, ach níor dhún sé ar fad, agus rinne sé an-fheoil in a bhéal aríst. Chuaigh me chuig an dochtúr leis gur lannsáil sé é, ach ba bheag an mhaith sin. Marach an luibh a bhain N. R. dhom, bhí mo chosa nite
TUILLEADH (1) ▼
Ná bíodh faitíos ort! Is gearr go dteaga ath-chraiceann uirri (an chos) i leabaidh an fhor-chraicinn sin atá imithe dhi. Níl aon-dochar inte ar aon-chor