ó (50+)
Dheamhan buille a dhein sé ó mhaidin ach caite ar an gceannfhearann ag séideadh tobac uaidh. Is dóigh go bhfuil sé breoite ó ól an lae inné
+
→
faitíos
D'fhan mé uaidh ar fhaitíos go gceapfadh sé gur ag brú air a bheinn
TUILLEADH (1) ▼
Cuir géibheann ceart air faitíos na timpiste. Tá na hasail sin mallaithe. D'imeoidís uait os comhair do dhá shúl
→
fara
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) anseo le bliain. Dar fia tá! Meas tú nár scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé ligean eicínt orthu. 'Sé atá i riocht
+
Ní raibh easpa ná earasbarr agam. Mo dhíol díreach a bhí ann. Nach baileach a thomhais mé anois cén t-éadach a theastódh uaim!
TUILLEADH (2) ▼
Sheas an chruach sé leoraí móna agus d'fhan farasbarr uaim ina dhiaidh sin inti
Ní ligfeadh sé uaidh mé gan dhá dheoch a sheasamh dom. Chuir sé earasbarr ar an ngnaíúlacht
→
fearacht
Chuala mé go raibh sé leis an gcailín aimsire a dhíbirt ach a bhfaigheadh na gasúir scoile scíth. A fhearacht siúd, ba bheag a theastaigh sí uaidh ó thús deireadh go tosaigh murach a chuid ealaíne. Nach raibh a ndóthain acu fhéin ann, má bhí fonn oibre orthu
Má chothaíonn sé fearthainneach mar seo, ní thriomóidh aon fhód móna ná aon tsop féir. Dhá dtugadh sé seachtain fhéin uaidh, ní bheadh aon chailleadh air
Ní bheadh call duit slat ar bith a leagan uirthi (capall). Bheadh sí sna feire glinnteachaí uaithi féin
+
→
feiste
Fág mar sin é. Ná téirigh ina fheiste ná ina fhínne chor ar bith. B'fhéidir gur thú a ionsú a dhéanfadh an bhrúisc sin. Mo chomhairle dhuit fanúint uaidh
TUILLEADH (1) ▼
Ní ansin a théim ag an aifreann dubh ná dath. Rug sé orm maidin Domhnaigh amháin ag teacht deireanach agus thug sé aghaidh mar a thabharfá ar mhadadh orm. Tabhair glafairt air a dhuine chóir! 'Dheamhan mé,' arsa mise liom péin, 'má scagaim mé fhéin uait an babhta seo nach go luath a fheicfeas tú aríst mé!' Agus ní fhaca. Ní raibh mé ina fheiste ná ina fhínne ó shin. Téim suas go dtí an fear nach mbíonn doicheall aige roimh aon duine
→
feáin
Ní raibh fí ná feáin ar Mh. J. go dtéadh muid suas agus go dtógadh muid an fuisce. Chonaic sé dhá chur i bhfolach iad. Ba bheag an scrupall a bhí aige a ghoid uathu
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis agus ní imeodh sé uaim chomh saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh ina shiopa, agus déarfadh sé ina dhiaidh sin gurb é atá ag coinneáil leath na ndaoine beo! Nár ba gann measa a bheas sé!
+
→
fios
Is mór a theastaigh fios uait. Faigh amach é — freagra ar ghasúir (nó ar dhuine ar bith) nuair a sháróidís thú ag iarraidh rud a fháil amach, eolas a bhaint asat nach mian leat a thabhairt uait srl.
TUILLEADH (3) ▼
Theastaigh fios uaidh cá bhfuair muid an té
Is beag an fhios (de fhios?) a bheadh le fáil uaidh fhéin, ach is mian leis chuile fhios a fháil — chuile eolas, chuile scéal, chuile thuairisc
Fios ar fad atá uathu sin — béadán, tuairisc, eolas
→
fliuch 2
Níor leag mise méirín fhliuch air, agus bhí sé ag clamhsán orm ina dhiaidh sin. Abhlóir de ghasúr é. Is géar a theastódh slat uaidh
+
→
focal
Níl focal den chaint le fáil uaidh — duine a bheadh dorcha leat, nach mbeadh aon fhonn cainte air, nó a mbeadh rud aige in t'aghaidh
TUILLEADH (4) ▼
Níor chuir sé focal chuige ná uaidh — níor chuir sé araoid ar bith air
Ní fhéadfadh sé gan an rud a mbeadh an urchóid ann a rá. Tuilleadh diabhail aige má fuair sé droimeáil. 'Sé a theastaigh uaidh. Beidh a fhios aige aríst nach mbriseann focal maith fiacla
Bhí a fhios agam go maith ar an gcaoi ar las sí suas gur sciorradh uaithi a rinne an focal. Ní thabharfadh sí deoir fhola le náire. D'imigh an chaint uaithi uaidh sin amach
Má theastaíonn lucht feamainne uait, anois atá agat a cur i bhfocal, nó beidh tú aisti aríst.
→
foilsigh
An corpadóir bradach! 'Sé cóir Dé é an méid sin a éireachtáil dó. Ba bheag aige fhéin dícheannadh a dhéanamh ar chréatúir bhochta. Chuir sé an bhaintreach sin thuas de dhroim tí. Chuir sé faoi ndeara di páipéar a shaighneáil dó ar a cuid talúna agus gan a fhios aici céard a bhí ann ach gur theastaigh cupla cloch mhine uaithi le aghaidh a háilín … Ach foilsíonn Dia an éagóir míle glóire agus moladh leis fhéin. B'fhéidir go bhfaigheadh an cneámhaire ar a mhéis fhéin anois é, agus ní ag amhdú an oilc é, ní mór linn dó
→
foirm
Tá foghlaim ortsa, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort, ach más in í do chuid cainte anois go raibh dhá Naomh Pádraig ann, ná bactar leat! Nach deas uait a dhul ag cumadóireacht … Eiriceach a bhí sa té adúirt é sin. Níl an rud sin i gclár ná i bhfoirm, agus ná géill thusa don fhear sin. Nár chuala muid ariamh nach raibh ann ach aon Naomh Pádraig amháin, moladh go deo leis
+
Chonaic mé an sonda uaim agus é an-fhollasach. Ní fhéadfadh sé a bheith ní ba follasaí dá mbeadh mo láimh leagtha air
TUILLEADH (1) ▼
An bhfuil an bhróig sin sách follasach agat, nó an dteastaíonn tuilleadh solais uait lena deasú
→
freagair
Déan go réidh siar ansin. Is fánach an chaoi a dtreascrófaí thú, i bhfad uainn an anachain. Áit achrannach é. Tá go leor seanbhunannaí crainnte ag freagairt ann
Tháinig F. aréir le leoraí móna a cheannacht uaidh ach dheamhan leoraí freagrach aige. Níl ann ach a bhfuil istigh ar an bportach — feiliúnach; in áit chóiriúil; í a bheith soláimhsithe
Ní hé dálta a dheirfíre é, tá sé chomh friochanta le siobháinín an charn aoiligh. An ruifíneach bradach! Theastódh neart slaite uaidh (páiste). Níl smacht athar ná máthar air
→
frídeoir
Ní dhéanann an frídeoirín eile siúd ann ach siobáil bheag timpeall an tí: rud a thabhairt do chearca agus dolaontaí, agus an luaith a chur amach. Ar ndóigh ní in ann a dhul i ngarraí atá sé! Is fada uaidh é
Tá fudairnéis déanta acu de na daoine lena gcuid páipéir. Cén ghnaithe atá againne dá gcuid páipéir? Má theastaíonn siad chomh géar sin uathu, breá nach dtagann fear uathu fhéin timpeall agus a líonadh?
+
Thosaigh sé ag foléimneach ar fud an tí, le teann taighd. Is uaidh a theastódh an iarraidh!
TUILLEADH (1) ▼
Tá gasúir an tí seo imithe ag foléimneach agus ag fiodrince thíos i mbéal an bhóithrín. Ba cheart a mbacadh. Áit chontúirteach é sin i bhfad uainn an anachain! — cuirtear foléimneach agus fiodrince le chéile
+
→
fág ag
Fágfaidh mise másaí tinne agat má chloisim an focal sin uait aríst — léasfaidh mé thú
TUILLEADH (1) ▼
Fágaim dhá scór bliain ag an mac is sine. Níl sé lá thairis. Sin é a d'fhágfadh an ceann is óige tuairim is chúig bhliana fichead, agus sé a chlochneart é … Ara bail ó Dhia ar do dheich mbliana fichead. Is fada uaithi é
+
→
fág i
D'imigh sé uaim go Sasana, agus d'fhága sé ag caitheamh ina dhiaidh ó shin mé
TUILLEADH (3) ▼
Níor fhága mé pínn rua ina shiopa le bliain. Go deimhin ní theastódh uaim ach sin
Sílimse go bhfuil sé deich míle. Deir tusa nach bhfuil sé ach hocht míle go leith. Fágfaidh muid ina hocht míle go leith é. Deir tusa go siúlfadh bean trom trí mhíle san uair. Ach m'anam nár shiúil tusa aon hocht míle go leith in imeacht dhá uair: gurbh fhada uait é
Fágfaidh muid ina dhearmad é. Níor mhaith liom a rá gurb é a ghoid d'aon uaim a rinne sé. Murab é fearacht an fhear fadó leis an ngairleoig aige é: "ní do do ghoid atá mé a ghairleog ach do t'ardú liom".
+
→
fág
D'imigh sé uaim Dé Luain agus d'fhága sé ag obair ar anchaoi mé. Is beag é foghail duine aonraic le coirce atá ag titim dhá cheann
TUILLEADH (4) ▼
Is ceart duine den tsórt sin a fhágáil lena anó fhéin, agus gan cur chuige ná uaidh
Nuair a d'fhiafraigh mise dhó (dhe) cé mar tháinig Contae na Mí leis, "Is glas iad na cnoic i bhfad uainn", adeir sé. Fágann sin nach bhfuil aon tsástaíocht air ann
D'ionsaigh sé mé, agus gan mé ag cur chuige ná uaidh. Ach cár fhága tú an t-olc, rud atá ann, mo léan? — d'ionsaigh sé mé i ngeall ar a chuid oilc
Bádh í (bó). Ní raibh troigh uisce ann. Shílfeá nach mbáfaí seangán ann, ní áirím bó. Ach cár fhága tú an mí-ádh mór? Nuair a bhíos an mí-ádh ar dhuine, níl aon dul uaidh aige. Sin é an chaoi a bhfuil sé