Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Amach roimh (50+)

 
Téirigh ag an dochtúr leis an taobh sin agat faitíos na timpiste. Deir tú go bhfuil an phian ag smearadh amach. Sin dea-chosúlacht. Deir siad má smearann an phian gur comhartha é nach bhfuil aon easna briste. Ach ní bheadh a fhios agat. Is fhearr a dhul roimhe in am
 
fág
Má shíleann tú go bhfuil doicheall romhat a dheartháir mo chroí, sin é amach an bealach agat. 'Sé an chaoi a bhfuil sé againne anseo: an té ar cúng leis fágadh. Níl buairthín bara againn ar aon duine
 
Ní raibh ach an cléireach ag teacht amach leis an bhfáideoig lena coinnle a lasadh san am ar shroich mé an séipéal. Ní raibh ceathar ann romham
+
Is gránna an bealach atá léithe, amuigh i mbéal an bhealaigh roimh chuile dhuine go bhfaighe sí amach cá'il sé ag dul.
TUILLEADH (2) ▼
'Bhí Máire Maidiléana amach roimpi (roimh an Maighdean Mhuire) agus rinne sí bealach dhi thríd an gcruinneáil'.
I nDomhnach, ní mór dhaoibh a bheith ag corraí amach feasta: tá bealach fada romhaibh.
 
Tá díth céille ort ag baint do dhrár dhíot féin, go gcaitear coraice dhubh na bliana ar aon nós. Dar ndóigh, níor tháinig táirm ar bith ar an ngeimhreadh fós. Amach romhat atá a mhic ó!
 
crígh
Tá na driseachaí siúd ag caithriú amach ar fud an gharraí. Is gearr go mbí crígh dhiabhalta ann mura dtéitear rompu in am.
 
cuach
Ba mhaith uaithi sin daoine a chuachadh suas roimhe seo le laethanta oibre a thabhairt di, ach dheamhan mórán airde ag aon duine anois uirthi. Fuair chuile dhuine amach cé hí fhéin.
 
Ní áit buaile ná seanbhaile dhomsa an teallach seo agus a bhfuil de chruóig amach romham.
 
Ní fhéadfá corraí amach thar bhéal an dorais nach mbeidh sé ina bhoideoide romhat.
 
"Bhuail sé roimhe nó go raibh neoin bheag agus deireadh lae ann, an capall ag gabháil ar scáth na copóige, agus an chopóg ag gabháil don Domhan Soir. Chonaic sé i bhfad uaidh agus ní i ngar dó; botháinín beag nach raibh bunchleite isteach ná barrchleite amach air, ach aon chleite amháin ag déanamh foscaidh agus dídin dó" (as seanscéal — An Fear Gearr Glas)
+
amach
Ní théadh gearrchailí ar bith thar baile amach ag damhsaí roimhe seo, ach tá siad ligthe leob fhéin ar fad anois.
TUILLEADH (17) ▼
Mura mboga tú amach, ní bheidh duine ná deoraí romhainn.
Corraigh amach agus éirigh as an tsnámhaíocht sin nó beidh chuile shórt thart romhainn.
Is fearr dhuit é a dhéanamh anois ná í a bheith romhat amach anseo nuair a bheas an chruóg ort.
B'fhéidir go mb'fhearr duit a dhul romhat fhéin anois ná amach anseo nuair a bheadh sé in ainseal ort
Tá an t-aonach amach romhainn fós — tá an t-aonach le teacht fós
Tá an Nollaig amach romhainn go gairid anois, agus ní feasach mé cá bhfaighidh mé rud lena haghaidh.
Tá cupla bainis amach romham an Inid seo.
Murar phós tú fós, amach romhat atá — tá an pósadh le déanamh fós agat
'Sí an mhí seo amach romhat anois, an mhí is measa síon sa mbliain — 'sí an mhí seo ag teacht an mhí is measa drochuair sa mbliain (mí Dheireadh Fómhair)
Mura mbí aon rath ar an aonach seo amach romhat anois, beidh na daoine buailte ar fad.
'Sé an rabharta seo amach romhat anois — rabharta mór na Féile Bríde — an rabharta is mó sa mbliain.
Tá an chruóg uileag amach romhainn fós.
Dhá mbeadh a fhios agam a raibh amach romham, ní phósfainn go brách
Déan do chomhairle fhéin anois — tá tú óg agus do shaol amach romhat.
Níor tháinig geimhreadh ar bith fós — romhat amach atá sé.
Níl a fhios againn céard atá ag Dia le n-aghaidh amach romhainn.
Mura dtaga aon chor sa saol an bhliain seo amach romhainn, beidh na daoine in anchaoi.
+
Tá sé ag iarraidh an tamhnaí uileag a bhaint amach, agus bainfidh sé amach í freisin mura dtéitear roimhe agus gan cead a chomhairle fhéin a thabhairt dó.
TUILLEADH (1) ▼
Más leat do shásamh a bhaint amach, éirigh roimhe oíche eicínt a mbeidh sé ag teacht ó chuairt.
 
Tá Pádraicín buailte amach ag an scoil aige, ainneoin é a bheith tosaithe i bhfad roimhe.
 
Fhóbair nach ligfeadh sé amach mo láimh chor ar bith, bhí an oiread sin fáilte aige romham.
+
D'éirigh sí amach ag sciolladóireacht romham — tháinig sí amach as a teach ag díbliú orm
TUILLEADH (3) ▼
D'éirigh sé amach (.i. ag troid) roimh na ngasúir tráthnóna agus iad ag teacht ón siopa.
Is beag an t-údar a gheobhas sé siúd le éirí amach roimh dhuine.
Is beag a bhéarfadh orm éirí amach roimhe anocht agus é a chasadh leis.
 
anam
Chaith mé an oíche ar an leaba agus m'anam ag dul amach thar mo bhéal le faitíos roimhe thaibhsí.
 
Romhat amach atá anois. Inniu Lá Fhéile Fionnáin agus roinntear an fuacht. Ba in é seanchas na seanfhondúirí ar chaoi ar bith. Trí lá roimh Lá Nollag a cheapaidís do Lá Fhéile Fionnáin
 
Leag ort fhéin anois a fhleascaigh. Scar amach í go beo deifreach (móin). Is maith fonnmhar a ghabhfá amach go barr scartha dhá mbeadh bean romhat amuigh ann!
 
frapa
Nach mb'fhearr dó an rud a inseacht amach gan frapa gan taca ó bhí sé roimhe, ná a bheith ag dul anonn is anall leis mar siúd?
 
Tabharfaidh sé teas agus aimsir bhreá uaidh romhat amach anois. Samhradh riabhach; fómhar grianmhar, adeir siad. M'anam go raibh an samhradh seo riabhach, ní ceasacht ar Dhia é. Dar mo choinsias bhí
 
Dheamhan foithnín féir ag gabháil leis le caitheamh ag bó ná ag gamhain, agus romhat amach a theastós an farae. Ar ndóigh níl tada den gheimhreadh tharainn fós
 
fuis
Th'anam ón diabhal tú a fhleascaigh, ná caill go deo é! Bíodh teacht i láthair fir ionat agus seas amach roimpi seo anoir agus cuir fuis uirthi. Má thugann sí aon thaitneamh dhuit, tá an báire leat
 
Fódaíonn siad sin suas na fataí i dtús bliana ach ní chuireann siad aon síol iontu go dtí amach i dtús na Bealtaine. Sin é an cur idir dhá lán a thugadh muide orthu roimhe seo
 
fuacht
Amach romhat atá anois. Deir siad nach dtigeann fuacht nó go dtigeann earrach
 
Siúd í a raibh an daidhce uirthi. Dheamhan corraí dhá cois a dhéanfadh sí, théis gur iarr an mháthair uirthi a dhul amach agus na beithígh a bhleán. Agus chuala mé gurb éard a chuir uirthi é an áit nach ligfidís ag céilí i nD. Ch. í an oíche roimhe sin. Í a ligean chuig céilí go D. Ch. deich míle bealaigh, má tá sé taobh leis
 
Chaitheadh muid a dhul amach leis an réalt ar maidin ag baint fhataí san am a raibh muid ar aimsir tigh Sh. Diabhal smid bhréige sa méid sin. Is minic a bhí muid amuigh agus nach (nár) léir dúinn an láí. Agus dhá mbeifeá ag déanamh airneán domhain an oíche roimhe, nó amuigh ag ceol, chaithfeá an mhaidin ag cuimilt sramaí de do shúile, arae bheifeá in do dhall dúda le codladh. D'imigh an saol sin — míle buíochas le Dia
 
dearmad 1
Nach iad na deargdhiabhail anois iad, aistir a bhaint asamsa siar go D. an Fh. ar scáth na cupla scillingín dole sin. Bhí sé thiar romham i dteach an phosta ann, ach b'fhurasta a chomhaireamh nuair a bhí mé sa mbaile: chuile bhean ósta agus a hailp fhéin as. Orthu féin a bhí an dearmad. Ach cuirfidh mise geall gur beag an dearmad uathu a bheas orthu. Má chuireann siad scilling agat le cois, is maith luath a bheas leota de pháipéar amach ina coinne aríst, agus ní go teach posta Dh. an Fh. a chuirfeas siad é ach oiread! — moltanas ar fheabhas na Státsheirbhíse é seo