Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Amuigh air (50+)

 
Ná fág an seaicéad sin leis an tine ar fhaitíos na heirimisce. Ghabhfadh na cait sin ag macnas leis ar an bpointe, agus ní chónóidís go streachlaídís isteach i gceartlár na coigilte é. Triomóidh sé amárach amuigh ar an tom
 
fara
Tá fara ansin amuigh ag na cearca má ghabhann siad suas air
 
fiar
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
 
Bhí mise amuigh ansin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fúthu agus thóg mé na céadta acu leis an líon. Bhí báid eile fúm is tarm agus gan a fhios acu a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom sa mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
 
focal
Bhí sí ag tabhairt cor na bhfocal dó, agus go deimhin má bhí fhéin, sí atá deas air. Diabhal bréag nach bhfuil! Ach cá bhfágfadh sí é? Inín Ú. Bh. Níor fhága sí dual ná slis amuigh
 
Tá sé ag framsáil ansin amuigh ó mhaidin, théis an éagnach a bhí inné air
 
Bhí sé chomh maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslogaide ansin amuigh ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siobháin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin ansin go raibh sé in am a bheith ag gliondáil as
 
Thosaigh an capall ag foléimneach agus ag fiodrince ar fud an gharraí chomh luath agus a chuir mé isteach an bhearna í. Dheamhan a leithide de mhacnas! Shílfeá nach bhfaca sí an áit amuigh cheana le mí. Neart dhíomhaointis!
 
Ní fhaca tú aon duine ariamh ba fágtha a bhí an oíche sin ná mise. Bhí mé amuigh i lár an chriathraigh bháite, an oíche chomh dubh le pic, agus mar bharr ar an dathúlacht an t-ocras ag teannadh liom. Shíl mé nach ndéanfainn eolas choíchin as.
 
Bhí maingíní agus bagáistí aige i chuile áit ar an gcarr, más amuigh ar an bhfáinneoig fhéin é. Tá mé ag ceapadh gur beag a d'fhága sé ina dhiaidh ag an teach chor ar bith agus an chaoi a raibh an carr foirgthe.
 
Tá an t-asal seo amuigh ag fáinneoireacht aríst, théis a bhfuil de cheangal air. Drochrath go deo air! Ní choinneoidh aon gharraí sa tír é — ag dul thart le na claíochaí ag súil go bhfaigheadh sé deis nó bealach amach in áit eicínt.
 
Bhí cruach mhóna amuigh ar an mbóthar agam anuraidh agus d'imigh sí go fánach. Goideadh dhá chuid di orm
 
fíóg
Dhá bhfaighinn glac fhíógaí le rópaí a chur ar na cocaí féir sin amuigh! Ba cheart go mbeadh dalladh acu thuas i mbarr an bhaile agatsa
 
fóir
Go bhfóire Críost ar na créatúir bhochta atá amuigh ar aghaidh na bpiléar!
 
Go bhféacha Dia ar aon chréatúr atá amuigh anocht. Saothróidh siad é agus an chaoi a bhfuil sé ag caidhleadh sneachta.
 
caidhl
Feicfidh tú an chaidhl chloch a rinne mé taobh amuigh ar an duirling agus níl ort ach do láimh a shá isteach faoin gclaí ar a n-aghaidh, agus gheobhaidh tú an scian ansin
 
Dhá mbeifeá amuigh ar an gcriathrach ar maidin d'aithneofá an áit a mbeadh carcair ghiúsaí arae ní bhíonn deoir drúchta os a cionn. Nach aisteach an t-adhmad í! (Sin é adeirtear)
 
catóg
Scar na héadaigh amuigh ar na catógaí.
 
Gnaitheach maith é. Dhá mbeadh giotamáil ná cipiléireacht ar bith le déanamh timpeall an tí, dhéanfadh sé é, ach maidir le obair amuigh is mó a bheadh sé in do bhealach.
 
Mura bhfuil mé amuigh, tá do mharcsa crinnte agam ar chuma ar bith. Bígí fairáilte nó sin éirígí as an gcloich-phuis! — mura bhfuil do mharcsa scoite agam, tá mé chomh fada leis ar aon chor. Tugaigí cothrom uaibh, nó éirígí as an gcaitheamh ar fad.
 
Bagair ar an gcloigis d'asal sin amuigh, nó déanfaidh sé steigearás den phota.
 
Bhí coinicéar de chailligh mhóir as Conamara gróigthe thíos ar an teallach ann, agus í ag cur púir thobac go doras dúnta. Is mé a bhí ina dhiaidh uirthi, arae bhí mo theanga bheag amuigh d'uireasa gail an uair chéanna.
 
Deir na seanfhondúirí gurb iad an dá rud is siúráilte amuigh comhar na gcomharsan agus cothromacan síne na huaire. Well, níl locht ar bith ar chothromacan síne na huaire, ach 'sé mo mheas go bhfuil comhar na gcomharsan caite in aer. D'fheicinnse le mo linn fhéin iad agus dheamhan ceann oibre dhá mbeifeá a dhéanamh — crapadh an fhómhair, ag baint mhóna, ná ag bualadh coirce — nach mbeadh daoine sa mbealach ar a chéile a chúnamh dhuit. Ach dheamhan meitheal a d'fheicfeá in aon áit anois. Caitheadh an obair sin i gcártaí. 'Sé do chlochneart é scorach a fháil a ligfeadh súgán dhuit, tada leis.
 
Ar chuala tú faoin mbráthair údan ar tháinig an codladh céatach air agus é ag éisteacht leis an éinín ar an gcraoibh taobh amuigh dhá fhuinneoig?
 
cíos
Tá riaráistí cíosa amuigh air.
 
Dheamhan grásta ar bith ar fhéin ná ar a chuid cóipíse anseo. Dá bhfanadh sé amuigh lena ló, ní chuirfí aon fhios air, ná cuid de chur.
 
baile
Dhá mbeadh sé amuigh ná i mbaile, bheadh tuairisc le fáil air in áit eicínt, ach dheamhan scéal ná scuan faoi ag aon duine.
+
Tá an mhóin amuigh uileag ar bhealach an chairr aige.
TUILLEADH (1) ▼
San am a raibh na rógairí reatha ann fadó, ní raibh aon ghair ag fear bóthair ná bealaigh bheith amuigh deireanach. Bhainfidís a mbeadh aige dhi, agus b'fhéidir tuí srathar a bhualadh air ina aice sin.
 
Ba cheart go mbeidís ag síolrú anois ar an bhfód bealtaithe sin amuigh san áit a bhfuil an linn mharbh (bradáin)
 
Tuige ar fhan tú amuigh do do chailleadh fhéin faoin gcramhar caca sin, agus neart breithe agat ar an rud sin a dhéanamh lá eicínt eile.
 
Séard a bhí le déanamh lena leithide sin, a chuirfeadh bean ó chrích agus ó rath, breith air agus bró mhuilinn a chur faoina mhuineál, agus é a chaitheamh amuigh ar an meath mhóir. Bheadh sé sách maith aige, agus rómhaith — an bithiúnach.
 
cuach
Chuach sé suas M. seo amuigh le fuisce agus bladaireacht agus dheamhan a chos nach ndeachaigh in éindí leis. Dhá mbeadh breith ar a aiféala aige, b'fhada uaidh a d'fhanfadh sé, ach caithfidh an díth céille féin a bheith ann, arsa tusa.
 
Má thagann cuaifeach as calm, níl léamh ar bith uirthi. Báitheadh bád i gConamara, tá blianta beaga ó shin, agus bhí an lá ar áilleacht. Dream a bhí amuigh ag déanamh aeir agus bhuail cuaifeach iad gan aireachtáil agus d'iontaigh sí an bád droim ar ais. Nár ba lúidire an trócaire ar Dhia, dheamhan ar fágadh sa gcomhaireamh ceann acub ach duine.
 
An bhfeiceann tú an áit sin amuigh a bhfuil cuilíní bána ar an bhfarraige. Carraigreachaí báite atá ansin.
 
Bhuail an tinneas céanna ar cailleadh an chuid eile leis an coileachín riabhach sin amuigh, ach bhí sé sách cuisneach lena chur dhó.
+
beo 1
Amach leis ar an tsráid go beo drochmhúinte, agus shílfeá gur mó an fonn a bhí air tosaí ag cur a chraicinn di amuigh.
TUILLEADH (3) ▼
A thiarna nach uaigneach an áit a bhfuil sé, amuigh ar an oileán sin, agus gan Críostaí an bhéil bheo a fheiceáil ó bhliain go bliain.
"Amuigh ar shliabh uaigneach, ag buachailleacht beithíoch a bhíodh Buachaill Bó Shliabh Luachra. Dheamhan is móide Críostaí an bhéil bheo a d'fheiceadh sé ó bhliain go bliain. Ansin lá amháin, chonaic sé seala ag dul thairis … srl." (Buachaill Bó Shliabh Luachra)
Ní raibh firnéad an bhéil bheo acub, ó dhuine liath go leanbh, nach raibh amuigh in mo dhiaidh. Deir tú gurb ait a chruthaigh mé agus na haobha a thabhairt uathub chor ar bith.
 
binse
Bhí lucht na tórrtha ina suí ar bhinsí amuigh sa scioból.
 
biorach 1
Tá an cat mara críochnaithe ar an sicín biorach sin. Ní túisce istigh ná amuigh í, agus bíonn sí ag uallfairt chuile phointe sa ló.
 
bior
Ní túisce istigh ná amuigh an ceann ar bior sin.
 
Níl gotha ar bith againn ar an mbolstaic chéanna. Is fada a bheadh sé amuigh go gcuirfí fios anseo air!
 
breá
Murach an nathaíodóir breá seo amuigh, ní bheadh focal aranta ar bith ann ó thús fhéin.
+
bruach
Tá an bruach thoir amuigh againn ach tá faitíos orm go gcaithfidh an bruach thiar fanacht ar an bhfaraor géar. Má chaitheann sé deoir ar bith báistí, ní bheidh an cosán in araíocht é a shiúl ag an duine fhéin, ní áirím ag asal.
TUILLEADH (2) ▼
Chuala mé m'athair ag rá go raibh siad ag iascach lá ansin amuigh ar an meath mhóir agus go raibh colmóirí acub tráthnóna bruach ar bhruach leis an seas deiridh — bád iomartha a bhí acub. Nach diabhlaí an cúl a thug an t-iasc don chaoláire ó shin? Dheamhan a shúil — mórán leis — a gheofá anois ann
Tá sé ar bhruach na huaighe — leathchois leis istigh agus leathchois leis amuigh inti.
 
Nach uaibhreach a fhásanns an bréinleach tharas chuile rud eile! Níl aon leasú amuigh inchinnte ar an mbualtrach ina dhiaidh sin.
 
Róst sé bruithneog fhataí amuigh ar an gcinnfhearainn.