→
                  
                    
                      bealach 
                    
                  
                
              
            Bealach do bhasctha (13)
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
                
                    →
                    bealach 
                  
                  
                    Tá an t-ealaíontóir sin ar hob thú a chur ar bhealach do bhasctha — má ghéilleann tú dhó, cuirfidh sé i mbealach do bhasctha thú.
                    
                        TUILLEADH (7) ▼
                      
                    
                  
                    Tá tú ceart mura mealla siad sin i mbealach do bhasctha thú.
                    Fan as bealach do bhasctha má fhéadann tú.
                    Má tá tú ag iarraidh a dhul i mbealach do bhasctha, téirigh isteach ansin!
                    Cá'il tú ag iarraidh mé a thabhairt?  I mbealach mo bhasctha!  Ní beag dom chomh dona agus atá mé faraor, agus gan mé a bheith níos measa!
                    Dhá ngéillinn dó, ní chónódh sé go dtugadh sé i mbealach mo bhasctha mé!
                    Ní chónóidh tú go dté tú i mbealach do bhasctha as a dheireadh! — beidh tú ar siúl go gcastar i dtrupás thú.
                    Is mairg dhom a thiocfadh i mbealach mo bhasctha ar do chomhairlese — is mairg sin!
                    
                    →
                    aird 2
                  
                  
                    Ba chóra dhuit airde a bheith agat ar do chuid leabhar ná a bheith ag géilliúint do scabhaitéaraí atá ag iarraidh thú a chur i mbealach do bhasctha.
                    
                    →
                    aire 
                  
                  
                    Ní trua ar bith é agus a fhusacht dó aire a thabhairt dá ghnaithe tharas a bheith ag tabhairt airde ar scabhaitéaraí a chuir i mbealach a bhasctha é.
                    
                    →
                    isteach 
                  
                  
                    Ná bíodh láimh isteach ar bith agat le na Seáiníní nó cuirfidh siad i mbealach do bhasctha thú
                    Ní ar dhea-design ar bith adúirt sé é sin leat.  Ag iarraidh thú a chur i mbealach do bhasctha atá sé.  Diabhal ceo eile
                    Nach beag an lua agat an dea-fhocal a bheith agat.  Ach ba deacair dhuit agus an dream atá tú a thaithiú.  Cuirfidh siad sin i mbealach do bhasctha tú feicfidh tú fhéin air.  Ach bíodh agat.  Beatha do dhuine a thoil adeir siad