Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Buille sa mbéim (30)

+
buille
Ní bhuailfidh sé buille sa mbéim lena shaol aríst; tá sé réidh leis — ní dhéanfaidh sé aon mhaith; beidh míshláinte ag gabháil dó an fhad is a mhairfeas sé aríst; ní bheidh sé ar a chóir fhéin go brách aríst; ní ólfaidh sé aon deoir bhainne sláinte go dté fód air
TUILLEADH (28) ▼
Ón lá a bhfuair sé an buille sin, níor bhuail sé aon bhuille sa mbéim uaidh sin amach — bhí an buille a fuair sé i gcónaí ag gabháil roimhe
Is maith an t-ádh atá air má bhuaileann sé aon bhuille sa mbéim níos mó.
Ó tháinig an méid sin donachta air níor bhuail sé aon bhuille sa mbéim, ná ní bhuailfidh mura bhfuil ag Dia.
B'fhéidir go mbuailfeadh sé buille sa mbéim fós chomh maith le ceachtar againn. Tá Dia láidir agus máthair mhaith aige.
B'fhurasta a aithinte go raibh a chuid maitheasa ar iarraidh agus nach mbuailfeadh sé aon bhuille sa mbéim tí (ní) ba mhó.
Is beag adéarfadh chúig bhliana ó shin go mbuailfeadh sé aon bhuille sa mbéim lena ló aríst, ach tá sé ina sheanléim anois chomh maith agus a bhí sé aon oíche ná aon lá ariamh.
Bhí liostachas fhada air agus ba é comhrá dochtúirí nach mbuailfeadh sé aon bhuille sa mbéim go deo aríst, ach m'anam gur maith an mhaise dhó anois é, théis a ndeachaigh sé thríd.
Má tá sé buailte síos aríst, tá sé réidh le aon bhuille sa mbéim a bhualadh lena mharthain.
Ní fheicfidh tú aon bhuille sa mbéim ionam níos mó. Leagha na bhFiann ní leigheasfadh mé anois.
Hé brí cén scanradh a cuireadh air an oíche sin, níor fhan aon bhuille sa mbéim ann ó shin.
Níl mé chomh croite agus feictear dhuitse. Tá buille sa mbéim ionam fós, míle buíochas le Dia. Cá bhfios don té sin! B'fhéidir go gcuirfinn thusa fós, dhá dhonacht mé.
Níor fhága an iarraidh sin buille sa mbéim ann beag ná mór.
Tá a bhuille sa mbéim ar iarraidh anois an duine bocht.
Ná fág an seanfhear as margadh ach an oiread le duine. Tá buille sa mbéim ann fós, dhá aosta dhá bhfuil sé.
D'imigh an buille sa mbéim as uileag le gairid.
Dhá mbeadh buille sa mbéim ar bith ionam fhéin d'ionsóinn é — ach níl faraor!
Ó thiocfas duine aois an phinsean anois, is beag an buille sa mbéim a fhananns ann uaidh sin amach.
Dár príosta, tá buille sa mbéim san athair fós. Dheamhan a fhios don té sin! Dhá bpósadh sé fhéin aríst nach deas an bhail a chuirfeadh sé orthub, agus chuile shúil le Dia acub lena bhás lá ar bith.
Is doiligh d'fhear a bhfuil na cheithre scóir sáraithe aige buille sa mbéim a bheith ann.
Céard a bhéarfadh dhó buille sa mbéim a bheith ann agus é sna déaga is trí fichid.
Is iomaí splíontaíocht a thug na Gaill dúinn, ach d'fhan buille sa mbéim ionainn dhá mbuíochas, agus fanfaidh le cúnamh Dé má chuireann muid fhéin le chéile.
Breá nach dtiocfadh splanc fir ionat uair eicínt, nó an bhfuil buille sa mbéim ar bith fanta ionat.
Ba mhór i gceist é scaitheamh (.i. bó mhór polaitíochta a mbíodh trácht air go minic i bpáipéir agus i lanndáis) ach níor chuala mé tada uaidh le gairid, nó an bhfuil buille sa mbéim ar bith fanta anois ann?
Deirimse buille sa mbéim leat! Tá sé ar an leabhar ag an bhfiach dubh, tá sin.
Is dochreidte an scéal é, go dtiocfadh buille sa mbéim sa nGaeilge aríst agus chomh himithe agus atá sí ar fud na hÉireann.
Shíl Sasana bliain an drochshaoil' ('47) nach dtiocfadh aon bhuille sa mbéim i muintir na tíre seo lena luiseag aríst, ach breá go dtáinig ina dhiaidh sin, agus ná raibh maith ag Sasana dhá bharr!
Tá sé fánach ag créatúr bocht, nach bhfuil ag gabháil ar a bhéal ó mhaidin go faoithin, ná ó Luan go Satharn, ach arán agus uisce, aon bhuille sa mbéim a theacht ann. Ba scéal in aghaidh nádúir é dhá dteagadh.
Ní fhéadfadh aon bhuille sa mbéim a theacht ann, ná ní fhéadfadh sé aon bhiseach a dhéanamh agus chomh cloíte tarraingthe agus atá an duine bocht.
 
díol 2
Tá buille sa mbéim ann fós cheapfainn agus an díol a chuala mé é a thabhairt ar na P. an oíche cheana a raibh mé thiar ann ag iarraidh iasacht oird. Bhí sé sínte sa gclúid agus gan smeámh ann nó gur caintíodh ar na P. Dhírigh sé aniar ansin, agus coinneal ann. A dheartháir mo chroí thú, d'áitigh air …