→
isteach
Cliamhain isteach (17)
→
comaoin
Má tá sé moltanach fhéin ar an gcliamhain, leabharsa, ba chomaoin dó. Dheamhan buille a bheadh déanta aige murach a dtugann sé de laethantaí isteach dó.
→
foireann
Nuair a cailleadh an mháthair, d'ardaigh an cliamhain an foireann leis ar fad. Ní raibh oiread agus priocach de láí aige seo nuair a chuaigh sé isteach ann. Ba é an chéad mhaith ab éigean dó a dhéanamh, a dhul agus foireann nua a fháil: céachta agus cliath fhuirste agus sluaiste agus chaon tsórt.
+
→
isteach
Cliamhain isteach é sa teach sin
TUILLEADH (12) ▼
Cliamhain isteach a bheas sé siúd a iarraidh dhá inín agus ní fleár (foláir) dhó airgead a bheith aige
Níor mhaith liom a bheith in mo chliamhain isteach aige — níor mhaith iníon a phósadh agus cónaí in aon teach leis (duine a mbeadh cáil an oilc amuigh air)
Fuair sé a dhíol de chliamhain isteach — bhí an fear a phós a iníon sách saibhir, sách measúil aige, le dhul a cónaí in aon theach leis
Beidh a sháith don tsaol ag an gcliamhain isteach mar tá an t-athair luath láidir drochmhúinte fós — an fear a phósfas isteach sa teach ann, is fear i dteannta é mar tá an t-athair láidir agus olc fós agus beidh sé in éadan an chliamhain go síoraí
Bior in aon tsúil í, agus cliamhain isteach a thiocfas ann — níl aon duine clainne sa teach ach í agus nuair a phósfas sí, tiocfaidh a fear ina chónaí fréithi i dteach a muintire féin
Chaith an cliamhain isteach an droch-cheann lena hathair agus a máthair — chuir an fear a phós isteach sa teach acu an drochbhail ar athair agus máthair a mhná (níor thug sé ceart ná cóir dóibh; leag sé isteach acu)
Murach chomh soineanta agus a bhí an cliamhain isteach, is fadó an lá a dhéanfadh sé corr don bhodach is athair di
Níl saol fhata i mbéal muice ag an gcliamhain isteach idir an iníon agus a mháthair
Bhainfeá ceart don inín, ach is olc an t-eallach a máthair do chliamhain isteach
Más cliamhain isteach anois é, is gearr gur cliamhain amach é — is gearr go gcaithfidh athair agus máthair a mhná a gcliamhain amach; is gearr go dtuga siad bóthar agus bata dhó
Is breá áirgiúil éadálach an teach é ag cliamhain isteach
Tá geadán deas talúna ann ag cliamhain isteach
Tá forchosán isteach ann chuig an tobar. Diabhal duine a bhac sé ariamh faoina dhul ann. Níor mhiste leis dhá mbeifeá gan an sceach a chur sa gcéim go deo. Ach ní hé sin don bhrúisc de chliamhain isteach seo aige é.
→
drabhlás
Chruinnigh an t-athair go crua críonna é ach caithfidh drabhláis an chliamhain anois é: díol duine uasail de chultachaí éadaigh, ól agus ragairne, isteach is amach Gaillimh chuile phointe. Tá mac Sh. ag baint bearaíochaí maithe dhó (dhe) lena mhótar