Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fuis

Fuis Fais (12)

 
crinn
Ní raibh ciall ar bith agaibh a dhul ar chúrsaí, agus sibh fhéin agus an bád eile ag crinneadh a chéile. Séard a bhí agaibh a dhéanamh an uair sin, scód a thabhairt di. Ní raibh baol ar bith go gcaithfí thart an seol. Tá bádóireacht mhaith agaibh chois teallaigh, go dté sibh ar chlár na himeartha. Ní fhanann fuis nó fais oraibh ansin.
+
fuis
Sin fuis fais — sin seafóid, caint ar sraith.
TUILLEADH (10) ▼
Cé aige ar chuala tú an fuis fais sin? … Go deimhin is geall le rud adéarfadh sé é
Ná bac leis an múineadh atá gasúir a fháil anois. Gaeilge ar fad, agus gur an iomarca dhi atá acu cheana. Tá a mh'anam a dhá ndíol. Fuis fais uileag í an Ghaeilge chéanna. Dheamhan lá den ádh a chonaic mé ar an saol ó thosaigh sí ag teacht amach
Ara ná géill dóibh sin. Fuis fais ar fad a inseos siad sin duit. Dhéanfaidís an oiread bréag agus a dhéanfadh madadh de shodar
Ní chuireann siad fuis ná fais ar a chéile; ní chuireann siad fuis ar a chéile — ní chuireann siad aon aighneas ar a chéile; ní bheannaíonn siad dhá chéile
Dheamhan a fhios agam céard is cor dó. Is fadó ariamh an lá nár chuir mé fuis ná fais air. Níl muid an-gheal dhá chéile chor ar bith
Sílim nach gcuireann an sagart fuis ná fais air ón uair sin fadó nach dtabharfadh sé a thuarastal dó. Chonaic mé ag dul thairis siar é an lá cheana agus níor chuir siad aon araoid ar a chéile
Ara dheamhan fuis ná fais a fuair mise ar a cuid cainte — níor fhéad mé aon mheabhair nó aon adhmad a bhaint aisti
Níl fuis ná fais le fáil air, nuair a bhíos aon deoir ólta aige. Is cuma leis é ach ag síor-rá leis mar sin
Tá sé ag cinnt ormsa fuis ná fais a fháil ar an bpáipéar seo. Ar ndóigh sé mo scil ann é arsa tusa. Tá siad ag fiafraí ann ar chuma ar bith an bhfuil aon phínn sa mbainc agat!
An t-aos óg atá sa ruta seo anois, ní bhfaightheá fuis ná fais orthu. Dar brí an leabhair, an dream a bhí ann agus mise in mo bhíthin óg, dhá ndéaraidís leat go ndéanfaidís rud, dhéanfaidís é, ach iad seo … !