→
beo 1
Iasc beo (4)
Ná bac le dliteanais. Níor íoc an cneámhaire sin aon cheo i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bheadh sé ag gealladh i gcónaí, agus ag iascach leis mar sin, nó go mbeifeá chomh meata sa deireadh aige agus go maithfeá dhó é. Chonaic mé S. Mh. ag dul chun dlí leis faoi luach cairr. M'anamsa ón diabhal gur chaith sé S. pé ar bith cén bealach a rinne dhó é. Chaith mo choinsias. Dheamhan comhaireamh na sop a fuair S. théis go dtug sé go seisiún é. An breitheamh a bhí bríbeáilte aige nó caoi eicínt. Ara bhí an-teacht i láthair ann agus níl aon duine beo nach mionnódh gurb í an fhírinne a bheadh aige nuair a thosódh sé ag ceartú dhuit
→
dol 1
Dola amháin de na heangachaí atá acu sin (ag na Francaigh), agus chíorfaidís cupla míle farraige leo. Is furasta a aithinte é. Thréig an t-iasc an cuan ar fad ó thaithigh siad sin ann. Ar ndóigh níl aon fheithideach beo dhá gcastar sna heangachaí sin nach bhfuil cniogtha chomh maith leis an iasc
Is minic a chonaic mé na ballachaí ag snámh isteach faoin dubhlaoisc ansin agus mé ag breathnú orthu as seo. Tá faoi na huláin sin beo leo. Dhá mbeadh dorú agat, ba gearr a bheifeá ag marú strapa éisc ann …
Ní díol trua ar bith é fear na tíre seo dhá bhfaigheadh sé ocras féin. Nach bhfuil beatha ag dul faoi is thairis. Tá neart faochan agus bairnigh agus cnuasach cladaigh ansin thíos (sa gcladach). Tá neart éisc ansin amuigh ar an gcuan, dhá mbeadh sé de rath air a dhul ina dhiaidh. Tá na breaclachaí sin beo le coiníní dhá gcuireadh sé d'anró air féin súileanna ribe a chur. Cár fhága tú a bhfuil de sméara agus de chúrláin agus de thorthaí eile timpeall ansin. Is mór a thabharfaí orthu in áiteacha eile dhá mbeidís ann, ach níl