Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Márta (11)

 
abair
Abair nár bhac fear le cur ar bith, ach tosaí ag baint mhóna sa Márta, agus tosaí ag cur potaí nuair a thiocfadh séasúr na gliomadóireachta, meas tú nach mó a bheadh dhá bharr aige, ná a bheith dhá mheath féin ag tochailt idir dhá chloich sna breaclachaí sin amach — cuir i gcás
 
Daoirsíonn an mhóin taca an ama seo chuile bhliain. Nuair a theangmhaíos cruas an Mhárta le na seanágóideacha, níl déanamh d'fhuireasa an fhóidín móna acu. Is maith leo na loirgne a bhreacadh go maith — scadáin a chur iontu — le faitíos nach mbéarfaidís ar bhliain eile!
 
Dea-Mhárta a bhí ann i mbliana. Níor chuir an tseanbhó cnead ar bith aisti fhéin, ná diabhal cur
 
déan 1
Rinne sé Márta breá i mbliana rud ab annamh leis. Bíonn an Márta go iondúil goimhiúil
 
Is minic cheana a bhí déanta lena bás, ach tá sí sin chomh cruachúiseach le glasmhíol Márta. Ní mharódh tada í sin mura bhfaigheadh sí amlua faoi dhrochthuairt sneachta; sin nó reo sa sioc
 
Uair díotúil Mhárta a bhí ann. Bhí mé thíos ag baint fheamainne ar an gCurraigh agus fhóbair gur préachadh mé leis an bhfuacht
 
dóigh 1
Diabhal bréag nach maith an dóigh é an goróir de lao sin. Breathnaigh ar an gcruit atá air. Tabharfaidh an Márta rud le déanamh dó ─ lao a bheadh ina dhrochúdar, nach mbeadh aon dea-ghealladh faoi, ná aon tsúil lena éirí
 
Nach dona na laontaí atá ag teacht ón tarbh sin thuas. Breathnaigh ar an laoidín sin ag S. Ph. Nach dramhsach éidreorach an feithideach é. Ní sháróidh sé an Márta choíchin mura bhfaighe sé an-aire den domhan
 
Tá sé an-drithleach anois má chloiseann sé torann binn ar bith. Is maith a chuaigh an ceaintín dó a chur ar a dhrioball. Thug M. Sh. G. ceaintín amach an lá faoi dheireadh agus thosaigh sé dhá 'speáint dó, mar dhóigh dhe, go raibh sé ag dul dá chur ar a dhrioball aríst. Well scuab sé mar a bheadh glasmhíol Márta ann!
 
Bhí dúchan mór déanta againn anuraidh shular rug an Márta orainn, ach ba suarach an t-ionadh sin agus an cúnamh a bheith ann. Ní bheidh aon dúchan déanta i mbliana sílim. Is gearr le dhul duine aonraic
 
Gabhfaidh an rabharta seo amach sa Márta