Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

aircín (6)

 
borr
Bhí dhá oiread borradh faoin gcuid eile agus atá faoin aircín sin, agus shílfeá nach leathchuma ar bith a rinneadh air, ach an oiread le ceachtar acu.
 
Ní raibh ann ach aircín beag ar feadh i bhfad ach rinne sé buinneán ansin d'aon iarraidh — duine a mhéadaigh d'aon iarraidh.
 
fás 2
Fás! M'anam go bhfuil deireadh a chuid fáis déanta. Ina aircín mar sin a bheas sé choíchin.
 
féith- 2
Tá sé ag fanacht féithbheag go leor. Ní bheidh ann ach aircín sílim — buille beag; gan méadú
 
de
Aircín de dhíolúnach de lao é
 
Bhí cráin anseo uair againn, agus bhí cheithre bhanbh dhéag aici ar an ál. Dheamhan a raibh uirthi ach trí shine dhéag. An banbh corr a bhí ann nach bhféadfadh a dhul ag diúl, thosaigh muid féin ag tabhairt bhainne dhó. Shíl muid go ceann fada nach n-éireodh sé, arae bhí sé ina aircín dona. Ach scinn sé amach sa deireadh, agus rinne sé an-rampaire muice. Choinnigh muid é go raibh sé in am a dhíolta go maith. Diabhal mé dhuit go raibh carghas orainn scaradh leis chor ar bith. Bhí sé ina pheata againn. Dónaillín a thugadh muid air