Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

athrú (50+)

+
focal
Níor chuir mé cor an fhocail air; níor chuir mé iontú an fhocail air; níor chuir mé athrú an fhocail air — ceo ar bith bréige ach mar a bhí an scéal; an scéal a inseacht amach gan frapa gan taca mar a bhí sé; gan agús ar bith a chur sa scéal, ná bréag ná áibhéil a dhéanamh faoi
TUILLEADH (1) ▼
Bhuel chuir sé athrú an fhocail air thar mar a chuala sé agamsa é. Séard adúirt mise … Tá sin chomh siúráilte leis an lá beannaithe
 
Ní fhaca mé tithe Árann chomh follasach ariamh agus a bhí siad inniu. Sin athrú aimsire
 
fág
Sin ní fhágfainn le mo ló murach go raibh lón ar iompar agam. Sliabh gortach a tháinig orm. Ní hé a athrú a bhí ann. B'fhurasta a aithinte dhom é
 
Má tá i ndán is gur caitheadh comaoin le aon duine sa teach sin muis, tá athrú mór ar an saol.
 
Má tá comhar na gcomharsan as gnás, tá cothromacan síne na haimsire fós ann, agus beidh go dté an saol ar suíochan. Níl aon duine in ann an aimsir a athrú ach Dia, moladh go deo leis.
 
beart
Sin beart eile atá sé a chur ina shuí anois, an cneámhaire, le é fhéin a dhaingniú isteach tuilleadh. Dheamhan a athrú ariamh! An féidir a bheith suas lena chuid gleacaíochta chor ar bith?
 
Is maith a rinne siad é agus athrú síos Contae na Mí. Níorbh áit buaile ná seanbhaile dóibh an tamhnach sin thiar.
 
beo 2
Dúirt cailleach na clúide nár bheo léithe a beo ó b'éigean di athrú as an mbaile. Ach dheamhan mórán clóice a bhí uirthi ina dhiaidh sin i gcosúlacht.
 
bior
Níl bior eanga uirthi ó phós sí. Is olc atá an t-athrú ag gabháil di — is olc sin
 
Diachta dhuit má fuair tú deis athrú nár athraigh dhuit fhéin, tharas do chuid allais a bheith tugtha chuile lá sa mbliain ag breaclachaí bradacha an bhaile seo.
 
Caithfidh mé na breacáin seo a athrú agus éadaí tirime a chur orm fhéin.
 
breá
Dheamhan a athrú a bhí ariamh ann ach an t-ógánach breá seo thíos.
 
Is maith iad na seanbhreacáin fhéin mura mbí a n-athrú ag duine.
+
aer
Níor mhór dhuit a dhul ar athrú aeir — athrú go dtí áit eile. Ceaptar go gcuideodh sin le sláinte dhuine
TUILLEADH (4) ▼
Má tá míshláinte air, b'fhearr dhó a dhul ar athrú aeir
Mura dtéiteá ach síos Gaillimh coicís nó mí, is mór an t-athrú aeir dhuit é.
D'íosfainn an t-sáith Mhuimhneach anois muran athrú aeir a rinne dhom é
Tá athrú ar an aer ann ina dhiaidh sin tharas an áit seo
 
Tá athrú eicínt le theacht ar an saol muis, má tá i ndán is go raibh an oiread bog shíne i J. M. agus gur sheas sé leathghalún!
 
Dhá mbeadh aireachtáil agat air (ar an tinneas), bheadh athrú scéil agat.
+
amuigh
Tá an oiread amuigh orm tigh J. F. agus níl aon ghair agam athrú as go n-íoca mé roinnt dhe.
TUILLEADH (1) ▼
Mura dtaga aon athrú ar an saol, cinnfidh orainn leath dhá bhfuil amuigh orainn a ghlanadh.
 
anuas
Tarraingeoidh sé anuas le farraige ar athrú aeir.
+
Tá an saol ag athrú chuile lá
TUILLEADH (25) ▼
Tá an saol athraithe go mór sa tír seo le cupla bliain, agus is fearrde cuid de na daoine an t-athrú, ach ní fearrde cuid eile
Tá chuile rud ag athrú anois ach an ghealach is an ghrian
Is mór an t-athrú é.
Athrú mór é
Is mór an t-athrú a tháinig ar an saol ón uair sin
Tá athrú ag teacht ar an saol chuile lá
Tháinig athrú mór ar na daoine ó shin
Cé shílfeadh go dtiocfadh athrú chomh mór sin ar an saol in imeacht fiche bliain
Sin é an t-athrú is mó fós
Tá athrú ar an saol chuile sheachtain
Chuir an cogadh athrú mór ar an saol
Theastaigh an t-athrú sin
Tá an oiread d'athrú air anois agus nach n-aithneodh aon duine beo é — malrait gotha ar dhuine
Ar chuir Meiriceá aon athrú uirthi; an ndearna Meiriceá aon athrú uirthi? Freagra — athrú fánach é; rinne, agus an-athrú.
Ní donaide é an t-athrú a tháinig air ó d'imigh sé
Níor chuir Meiriceá aon athrú ar a chuid cainte
Tá na daoine ag athrú ar an nGaeilge go mór le gairid — ag labhairt na Gaeilge in áit an Bhéarla
Níl cuimhniú ar bith féin aige béasa a athrú
Baol ar siúd go deimhin béasa a athrú: tá an iomarca dúil san ól anois aige le éirí as
Is beag an baol air béasa a athrú: beidh sé ar an gcóir céanna an fhad is a mhairfeas sé
Nach bhféadfá béasa a athrú uair eicínt agus gan a bheith ar an táirm chéanna i gcónaí
Caithfidh tú athrú béasa a dhéanamh — caithfidh tú do chuid béas a athrú; caithfidh tú éirí as an gceird atá ort (deirtear le duine olc, caifeach, achrannach, leisciúil srl. é.)
Tá sé ar athrú béasa anois.
Bhí sé in am aige athrú béasa a dhéanamh.
Ní dhéanfaidh sé sin aon athrú béasa tharas mar atá sé go héag.