Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

béasach (9)

 
fág i
Shílfeá ó phós sé go bhfágfadh sé na béasaí gránna sin ina dhiaidh — go ngabhfadh sé ar athrú béasaí
 
baile
Tá béasaí an bhaile mhóir anois aige.
 
Tá béasaí agus bealaí Sheáin Bhuí chomh bealaithe isteach i muintir Chúige Uladh sin agus nach dtabharfadh an saol Ádhaimhe ar slí na Críostaíochta iad.
 
D'athraigh béasaí na háite seo go mór le tamall
 
fleaim
Is fadó an lá nach raibh fleaim ar bith ann. B'fhéidir go ndeachaigh sé ar athrú béasaí. Ní bhíodh seachtain ar bith roimhe seo nach gcloisfeadh duine go mbíodh sé ag troid — duine tucarach d'achrann; é ligthe faoi anois
 
daba
Díogha ceart é sin agus chuile fhear ar a bhaile. Mhair siad sin ariamh ar dhabaí an tiarna sin a bhí i mbéal an dorais acu, agus tá a shliocht orthu: tá béasaí Shasana bealaithe isteach iontu, agus ní scarfaidh siad leo go luath
 
Tá chuile dhuine ag gabháil leis dea-bhéasach. Ní bheidís aige siúd mura mbeadh. Thóg sé go bog muirneach múinte iad. Tá a shliocht orthu
 
Is diachta nach thoir sa mbaile a d'fhan sé agus gan a bheith ag tarraingt anoir anseo ag déanamh cíor thuaifil den teach. Beidh scéal aige lá eicínt mura n-athraí sé béasaí. Gheobhaidh sé an tsráid amach feicfidh sé féin air. Bíodh sé buíoch do Sh. nach bhfuil sí faighte aige cheana
 
díol 2
Ba díol náire a bheith ag breathnú orthu, síos faoi chladaí ansin anuraidh. Iad ag imeacht chomh míchuibhiúil agus ina luí ina srathrúchaí i chuile áit. Más siúd é an chaoi a bhfuil Baile Átha Cliath, nó más iad na béasaí a fheiceas muid acu anseo a bhíos acu i mBaile Átha Cliath, diúltaí muide dhó