Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

bruachannaí (46)

 
Gabhfaidh mé ag leagan bruachannaí sa ngarraí seo thiar go ham dinnéir. 'Sé is freagraí dhom ó bheas orm aistear portaigh a dhéanamh ina dhiaidh sin
 
Níl aon ghnaithe ag leagan bruachannaí aige, arae ní fhágann sé leithead slaite de chaolóid ann.
 
Bhí fámaire thart anseo sa samhradh agus go deimhin ba éan cuideáin críochnaithe é. Dhá bhfeictheá chomh buí chomh bealaithe agus a bhí sé, agus na bruachannaí a bhí amach ar a chuid liopaí. Dar liom fhéin gur ó réigiún coimhthíoch eicínt é. Bhí an-chanúint air freisin.
+
bruach
Ag leagan bruachannaí atá sé ar an aimsir seo — in áiteacha nach dtreabhtar an talamh, agus a mbíonn sé ina iomrachaí, cuirtear leiceann na hiomaire loirg nó ithreach ar chaon taobh isteach sa gclaise le láí, agus fágthar caolóid nó lorga caol aon spreab ina seasamh ar feadh croí na hiomaire. Leagan bruachannaímúchadh na talúna a tugtar ar an obair sin. Faoi chomhair coirce a leagtar bruachannaí. Sa ngeimhreadh nó i dtús an earraigh a déantar é, i riocht is go mbeadh faill ag an sioc, an ithir támáilte a bhrioscú. San earrach nuair a bhítear ag cur an choirce spréitear an chaolóid isteach ar an gclaise
TUILLEADH (37) ▼
Ar leag tú na bruachannaí fós?
Caithfidh mé lá a thabhairt dhó ag leagan bruachannaí.
Níl obair ar bith is fusa ná bruachannaí a leagan.
Ní lá maith ag leagan bruachannaí é an lá inniu. Tá an chréafóg róthámáilte théis na báistí.
Tá sé thar am na bruachannaí a leagan. Ná bac le duine ar bith nach mbeidh siad leagtha aige roimh an sioc.
Sin é an stócach crua fáiscthe. Chonaic mé thíos ansin é an lá faoi dheireadh in éindí lena athair ag leagan bruachannaí, agus i nDomhnach, leag sé bruach ar an mbruach leis.
Níl sé éasca chor ar bith na bruachannaí a leagan ann in áiteachaí. Tá bráideannaí fliucha ann agus 'sé díol an diabhail iad le deacracht (fc. bráideannaí)
Cáide go dté tú ag leagan bruachannaí, faoina bheith slán duit?
Is olc an fear é ag leagan bruachannaí. Cuireann sé an bruach isteach ar an gclaise ceart go leor, ach ní mhíníonn sé na spreabannaí chor ar bith. Is cuma leis é ach rith air chomh maolscríobach agus a fhéadfas sé.
Ní fhéadfainn aon bhruach a leagan faoi chladach fós. Tá na clascannaí lán le uisce suas go bruach agus má théim ag leagan bruachannaí ann, cothóidh an t-uisce in íochtar.
Fág na bruachannaí mar sin go bhfaighe tú aimsir chóiriúil. B'fhearr dhuit a dhul ag cur amach fheamainne inniu.
Nuair a leagann siad sin na bruachannaí, leagann siad an iomaire as éadan: ní fhágann siad caolóid ar bith ina ndiaidh. Is fusa an ithir a spré mar sin, más fíor dóibh fhéin.
Tá go leor bruachannaí beaga ann.
Tháinig go leor uisce ó na súile i dtosach. Bhídís ag rith i gcónaí. Ansin, tháinig bruachannaí orthub agus d'éirigh siad an-tinn.
Tá bruachannaí ar a bhéal — fonsaí móra a thaganns ar bhéal daoine amantaí
Bhí na bruachannaí sin ag rith leis an dream sin uileag.
Tagann bruachannaí ar mo bhéal i gcónaí le fuacht.
Níl an chaint ag teacht liom ceart chor ar bith ag na bruachannaí seo atá ar mo bhéal.
Briseann a bhéal amach agus tagann bruachannaí air i gcónaí an t-am seo bhliain.
Tá mianach bog eicínt i chuile dhuine den dream sin. Muran bruachannaí ar an mbéal é, is briseadh amach agus neascóideachaí agus goiríní é.
Níl aon uair ó gortaíodh mé fadó nach mbriseann mo bhéal amach agus nach ndéanann sé bruachannaí, má fhaighim tsiocair fuaicht ar bith.
Is gránna iad na bruachannaí céanna, ar mhná go háirid.
Tá an lot seo ag déanamh bruachannaí anois.
Is bocht an chois atá aige anois. Tá feoil bhroclofa ina bruachannaí timpeall ar an lot. Shílfeá nach bhfuil cuimhne ar bith cneasú fós aici.
Ní thaitníonn na bruachannaí sin liom. Dar príosta, tá máthair an drochábhair istigh fós.
Tá an lot ina chora fré chéile anois le na bruachannaí atá ag teacht air. Dheamhan bréag nach ar an láimh atá an droch-chosúlacht.
D'éirigh gearradh beag de mo chois. Shílfeá nárbh fhiú biorán é. Ach a mhic ó, shéid sé suas agus rinne sé bró bhracha. Tháinig bruachannaí ansin air, mar a bheadh ainfheoil ann. Is mé a shaothraigh é i gcaitheamh coicíse gan néal a chodladh.
Má airíonn tú aon sámhas sna bruachannaí sin, tá aice: ag cneasú atá sí.
Sin é do mhaith má tá díocas tochais sna bruachannaí sin. Fulaing é agus ná scríob é.
Rinne an fheoil fíniú i dtosach agus lobh sí ar fad ansin. D'éirigh bruachannaí timpeall ar an ngeadán a raibh an dochar ann agus chuaigh sé in othras. Shíl mé nach gcneasódh sé chor ar bith, bhain sé an fhad sin asam.
Is deacair aon cheirín a chur léithe agus na bruachannaí sin uirthi.
Is aisteach na bruachannaí atá ar an lot sin. Shílfeá gur lannaí iad.
Níl aon cheo feoil bheo sna bruachannaí sin; ainfheoil lofa iad.
Ná bí ag priocadh chor ar bith léithe, nó má tá i ndán is go mbainfidh tú na bruachannaí sin dhi, gheobha sí rud le déanamh agus cneasú go gairid.
Dheamhan dochar é a bheith ag déanamh bruachannaí. Déanann chuile lot iad sin más drochlot é.
Imeoidh na bruachannaí sin lofa dhi agus cneasóidh sí ansin. Ach ní mór dhuit foighid a bheith agat.
Coinnigh clúdaithe í agus cuir neart ceiríní léithe. Má théann an salachar sna bruachannaí sin, déanfaidh sí bró thinn ort
 
puca
Rinne sé puca dhíom ag leagan bruachannaí — beirt fhear ag coimhlint ag leagan bruachannaí, agus thug duine díobh a sháith go binn le déanamh don duine eile = Rinne sé puca dhe
 
Cén drabhlás a bheadh iontu — screacháin (creacháin) mar iad — agus go slogfadh dreoilín chuile cheann acu. Na fataí a bhí i ngarraí an tsléibhe, bheifeá sách ag trí cinn acu, ach an ghrifisc a bhí ansin thoir, níorbh fhiú do dhuine a bheith dhá mheath féin dá mbaint chor ar bith murach go gcaithfí na bruachannaí a rómhar ar aon chor
 
Tá dromainn san iomaire. Chuir sé lán ar a lár, ach níor chuir sé a dhath ar na bruachannaí. B'fhurasta a aithinte dhom gurb in é an deis a bheadh orthu agus mé dhá bhfágáil aige. Tá smál eicínt ar an gceann céanna nach bhféadfadh sé tada a dhéanamh ceart
 
dóigh 1
Níor dhona an dóigh chor ar bith anois dúinn na bruachannaí a leagan as láimh. Is gearr go bhfeice tú meall feamainn dearg sa gcladach agus ní hin é a (ár) dtráth a bheith ag leagan bruachanna. Feictear dhom nach bhfuil am ar bith is cóiriúla lena leagan ná ar an aimsir seo
 
dún
Tá na clascanna siúd ar fad dúnta ar a chéile. Mura dtóga sé na bruachannaí is gearr go mbeidh an pháirc siúd ó rath