Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

buairthín (7)

 
fliuch 1
Bhíodh cuid mhaith leoistíocht ann fadó, ach ní bhíonn uasal ná íseal ina gcónaí anois. Na daoine uaisle fhéin d'fheicfeá ag saothrú anois iad. Chreidim go ndeachaigh buairthín bara orthu thar is fadó. Ní mór do chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh in allas a mhalaí fhéin, mar adeireadh na seandaoine
 
Tá cead scoir agam anois. Níl tada ag fortabháil orm. Sách fada a bhí buairthín orm. Beidh a shliocht orm anois: bainfidh mé ceol as an saol go ceann scaithimh.
 
fág
Má shíleann tú go bhfuil doicheall romhat a dheartháir mo chroí, sin é amach an bealach agat. 'Sé an chaoi a bhfuil sé againne anseo: an té ar cúng leis fágadh. Níl buairthín bara againn ar aon duine
 
I nDomhnach má thograíonn sibh imeacht, sin é amach an bealach agaibh. Níl duine ar bith anseo ag cur cromnasc ná buairthín barrtha ar bith oraibh.
 
dubh 1
Chinnfeadh sé dubh is dubh orm an t-asal a sháinniú murach gasúir T. S. Chuaigh siad roimhe dhom nó go bhfuair mé greim air, ach tá buairthín anois air nach gcorróidh sé. Dar diagaí ní chorróidh!
 
… Go dtabharfá geábh siar chomh fada le J. an ea? Siúráilte. Déan ann. Tuige nach dtabharfá! Cén buairthín barrtha atá ort
 
Bhí an gamhain sin thuas i mbradaíl inné. T. Mh. a chuir amach é as geamhar Sh. Séard atá le déanamh leis anois lom láithreach, buairthín a fháscadh air. Níl maith ar bith a ligean ar an méir fhada. A dhul roimhe ar an bpointe atá a dhéanamh